Written answers

Friday, 7 September 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Forbairt na nOileán

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1444. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé méid airgead a ceadaíodh i 2018 chun oibreacha caipitil a dhéanamh ar na hoileáin amach ón gcósta, briste síos de réir an oileáin; cén daonra atá ag gach oileán atá i gceist; cén bunús ar a roinneadh an t-airgead; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36341/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gach bliain, tugann mo Roinn cuireadh d'údaráis áitiúla a bhfuil oileáin le buan-chónaí faoina gcúram, iarratas a dhéanamh ar comh-mhaoiniú ar thograí infreastruchtúra ar na hoileáin sin nó gaolta leo.  Iarrtar go mbeadh na tograí liostáilte in ord tosaíochta agus déantar iad a mheas i gcomhthéacs bhuiséad na Roinne.  Rinneadh amhlaidh do 2018. Anuas ar seo, scrúdaíonn mo Roinn iarratais ar chúnamh do thograí caipitil eile de réir mar a fhaigheann sí iad, agus déantar deontais a cheadú dá réir.

Déanann an tábla thíos cur síos ar an méid a ceadaíodh de réir oileán in 2018, chomh maith leis an daonra atá ar na hoileáin sin de réir dhaonáireamh 2016.  

OileánDeontais Ceadaithe in 2018Daonra
Dhún na nGall
Árainn Mhór€ 186,500469
Toraigh/Machaire Rabhartaigh€ 150,000119
Oileán an Bhráighe€ 22,50012
Sligeach
Inis Uí Mhaolchluiche€ 18,7503
Maigh Eo
Cliara€ 112,500159
Cloigeann€ 37,5008
Inis Toirc€ 189,00051
Gaillimh
Inis Bó Finne€ 43,613175
Inis Oírr€ 349,149281
Inis Mór€ 12,429762
Corcaigh
An tOileán Mór€ 82,500167
Faoide€ 73,50018
Inis Fada€ 48,75020
Baoi€ 26,2504
Inis Arcáin€ 82,500111
Oileáin Éagsúla i gCorcaigh€ 22,000

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.