Written answers
Friday, 7 September 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Forbairt na nOileán
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1444. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé méid airgead a ceadaíodh i 2018 chun oibreacha caipitil a dhéanamh ar na hoileáin amach ón gcósta, briste síos de réir an oileáin; cén daonra atá ag gach oileán atá i gceist; cén bunús ar a roinneadh an t-airgead; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36341/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gach bliain, tugann mo Roinn cuireadh d'údaráis áitiúla a bhfuil oileáin le buan-chónaí faoina gcúram, iarratas a dhéanamh ar comh-mhaoiniú ar thograí infreastruchtúra ar na hoileáin sin nó gaolta leo. Iarrtar go mbeadh na tograí liostáilte in ord tosaíochta agus déantar iad a mheas i gcomhthéacs bhuiséad na Roinne. Rinneadh amhlaidh do 2018. Anuas ar seo, scrúdaíonn mo Roinn iarratais ar chúnamh do thograí caipitil eile de réir mar a fhaigheann sí iad, agus déantar deontais a cheadú dá réir.
Déanann an tábla thíos cur síos ar an méid a ceadaíodh de réir oileán in 2018, chomh maith leis an daonra atá ar na hoileáin sin de réir dhaonáireamh 2016.
| Oileán | Deontais Ceadaithe in 2018 | Daonra |
|---|---|---|
| Dhún na nGall | ||
| Árainn Mhór | € 186,500 | 469 |
| Toraigh/Machaire Rabhartaigh | € 150,000 | 119 |
| Oileán an Bhráighe | € 22,500 | 12 |
| Sligeach | ||
| Inis Uí Mhaolchluiche | € 18,750 | 3 |
| Maigh Eo | ||
| Cliara | € 112,500 | 159 |
| Cloigeann | € 37,500 | 8 |
| Inis Toirc | € 189,000 | 51 |
| Gaillimh | ||
| Inis Bó Finne | € 43,613 | 175 |
| Inis Oírr | € 349,149 | 281 |
| Inis Mór | € 12,429 | 762 |
| Corcaigh | ||
| An tOileán Mór | € 82,500 | 167 |
| Faoide | € 73,500 | 18 |
| Inis Fada | € 48,750 | 20 |
| Baoi | € 26,250 | 4 |
| Inis Arcáin | € 82,500 | 111 |
| Oileáin Éagsúla i gCorcaigh | € 22,000 |
No comments