Written answers
Tuesday, 16 January 2018
Department of Education and Skills
Na hOileáin amach ón gCósta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
409. To ask the Minister for Education and Skills ar thug sé cuairt, ó ceapadh é mar Aire, ar aon cheann de na bunscoileanna nó na meánscoileanna ar na hoileáin amach ón gcósta chun tuiscint a fháil ar na dúshláin atá roimh na scoileanna seo; más rud é nár thug, an bhfuil sé i gceist aige cuairt mar sin a thabhairt go luath; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1262/18]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl cuairt tugtha agam ar scoileanna na n-oileán ach aithním go mór na dúshláin ar leith atá ag scoileanna na n-oiléan. Coimeádtar cuirí ó scoileanna i m’oifig agus áirítear iad le linn cuairteanna réigiúnacha go dtí an ceantar.
Ardaíodh an-chuid de na saincheisteanna ina bhfuil tionchar acu ar scoileanna ar na hoileáin ag an gComhdháil ETBI ar a d’fhreastail mé. Déanfaidh m’oifigigh cíoradh ar an tuairisc is déanaí ó Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chun féachaint ar chén tacaíocht gur féidir a thabhairt do na scoileanna seo le bealach chun cinn.
No comments