Written answers

Tuesday, 16 January 2018

Department of Education and Skills

Scoileanna Oileáin

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

410. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist aige beartas faoi leith a fhorbairt i leith na meánscoileanna ar na hoileáin amach ón gcósta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1263/18]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chun a fhiafraí den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige beartas faoi leith a fhorbairt i leith na meánscoileanna ar na hoileáin amach ón gcósta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.

Aithním na dúshláin bhreise atá ag scoileanna na n-oileán. Ag tabhairt na dúshláin seo san áireamh,  leag mé amach figiúirí difriúla do cheapadh agus do choinneáil múinteoirí ranga príomhshrutha i mbunscoileanna na n-oileán i mBúiséad 2017.

Tá  tuairisc ón gCoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, dar dáta Meán Fómhair 2017, faighte agam ina nochtann an Coiste a dtuairimí mar gheall ar na dúshláin bhreise atá ag scoileanna na n-oileán.  D’iarr mé ar m’oifigigh féachaint ar an tuairisc seo agus ar riachtanais scoileanna na n-oileán uile, iar-bhunscoileanna na n-oileán san áireamh. Thosaigh obair an ghrúpa ag deireadh na bliana 2017 agus déanfar dul chun cinn leis an obair seo  in 2018.  Déanfaidh an grúpa oibre cíoradh ar an tuairisc chun féachaint ar chén tacaíocht gur féidir a thabhairt do na scoileanna chun é seo a thabhairt chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.