Written answers
Tuesday, 16 January 2018
Department of Education and Skills
Cóiríocht Scoile
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
407. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a cheadófar deontas, a bhfuil iarratas déanta ina leith, do scoil (sonraí tugtha) chun cóiríocht níos feiliúnaí a chur ar fáil ann; cén chúis atá leis an moill ar an gceadú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1260/18]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is mian liom a chur in iúl don Teachta nach bhfuair mo Roinn iarratas le déanaí ón scoil dá ndearnadh tagairt maidir le cóiríocht bhreise a sholáthar.
Bheadh de rogha ag an scoil iarratas a chur isteach chuig mo Roinn dá mba rud é gur aithin siad easnamh cóiríochta; is féidir foirmeacha iarratais a fháil ar láithreán gréasáin mo Roinne www.education.ie. Is sa chomhthéacs thuas a bhreithneofar an t-iarratas.
No comments