Written answers
Wednesday, 20 September 2017
Department of Children and Youth Affairs
Oideachas Gaeltachta
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
652. To ask the Minister for Children and Youth Affairs ós rud é go bhfuil 46% de réamhscoileanna ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go bhfuil breis is 80% de bhunscoileanna ag lorg aitheantas mar scoileanna Gaeltachta, cén fáth nach bhfuil scéim aitheantais do réamhscoileanna ar fáil sa Ghaeltacht; an bhfuil a leithéid de scéim beartaithe ag a roinn; más rud é go bhfuil plean ann dá leithéid, cathain a chuirfear i bhfeidhm í; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39246/17]
Katherine Zappone (Dublin South West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cé go bhfuil mo chomhghleacaí an tAire Oideachais agus Scileanna ag tabhairt isteach scéim aitheantais ar son bunscoileanna mar chuid den chur i bhfeidhm dá bPolasaí Oideachas Gaeltachta, níl aon phleananna ann faoi láthair chun scéime cosúil le sin a thabhairt isteach le haghaidh seirbhísí réamhscolaíochta.
Aithníonn an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go bhfuil gá ann an méid a chothaigh sa Ghaeltacht maidir le tacaíocht don Ghaeilge in earnáil na luathbhlianta. Chun é seo a dhéanamh, beidh áiseanna oideachais agus oiliúna cuí ag teastáil ar son cleachtóirí agus seirbhísí, agus beidh forbairt ábhar agus acmhainní ag teastáil freisin.
Bhunaigh mé foghrúpa den Fhóram um Luathbhlianta, a bhfuil baill ann ó CNNG, Gaeloideachas, Foras na Gaeilge, na Naonraí Gaelacha, an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an tÚdarás, agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, chun tosaíochtaí a aithint le haghaidh an mhéid a chothaigh ina thaobh seo. Chuir an foghrúpa a thuarscáil ar fáil le déanaí, agus tá mo chuid oifigigh ag smaoineamh uirthi faoi láthair.
No comments