Written answers

Wednesday, 20 September 2017

Department of Children and Youth Affairs

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

653. To ask the Minister for Children and Youth Affairs cén toradh a bhí ar an scéim phíolótach ar cuireadh tús léi i bhFómhar na bliana 2015 agus ina raibh cigirí luath-óige le cuairt a thabhairt ar sheirbhísí a ghlacann páirt sa scéim um chúram agus oideachas luath-óige chun measúnú a dhéanamh ar chaighdeán an tsoláthair oideachais; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39247/17]

Photo of Katherine ZapponeKatherine Zappone (Dublin South West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Thosaigh múnla nua de Chigireacht atá dírithe ar an Oideachas sna Luathbhlianta (EYEI) ar bhonn píolótach in 2015 i suíomhanna luathbhlianta. Tar éis na trialach seo, thugadh faoi phróiseas comhairliúcháin náisiúnta dírithe ar an gcreat meastóireachta agus ar na próisis cigireachta. I mí Aibreáin 2016, d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an creat agus na próisis cigireachta mar an múnla EYEI, agus thug an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige agus an tAire Oideachais agus Scileanna faomhadh chun iad a chur i bhfeidhm.

Thosaigh clár iomlán EYEI ar 14 April 2016. Go dtí seo, rinneadh cigireacht ar 20% (867) de na seirbhísí Luathbhlianta atá ag cur an chláir um Chúram agus Oideachas Luath-Óige (ECCE) ar fáil agus d’fhoilsigh breis agus 500 tuarascáil EYEI ar shuíomh idirlín na Roinne Oideachais agus Scileanna. I mí Bealtaine 2017, thosaigh athbhreithniú foirmiúil den mhúnla EYEI le seimineár poiblí chun na chéad torthaí agus taithí an EYEI a roinnt le eagraíochtaí de na páirtithe leasmhara. Sheol suirbhé comhairliúcháin chun na deise a chur ar fáil do na seirbhísí luathbhlianta a rinneadh cigireacht orthu, agus do pháirtithe leasmhara níos leithne, aiseolas a thabhairt ar an múnla EYEI. Críochnóidh an próiseas comhairliúcháin ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2017 agus ullmhóidh cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna tuarascáil chun bonn eolais a chur faoin aithbhreithniú agus faoin bhforbairt den chigireacht atá dírithe ar an oideachas i seirbhísí luathbhlianta atá ag cur an chláir ECCE ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.