Written answers

Wednesday, 20 September 2017

Department of Children and Youth Affairs

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

651. To ask the Minister for Children and Youth Affairs an bhfuil aon cheanglas ar sheirbhísí oideachais luathbhlianta atá ag glacadh páirt sa scéim um chúram agus oideachas luath-óige i limistéir ghaeltachta, ach nach bhfuil bainteach le CNNG, Gaeilge a bheith á teagasc acu; mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39245/17]

Photo of Katherine ZapponeKatherine Zappone (Dublin South West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé nach bhfuil aon cheanglais sna comhaontaithe deontas atá ann idir an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus na soláthraithe cúram leanaí, nó i rialacha an chláir a bhaineann leo, aithníonn an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go bhfuil gá ann an méid a chothaigh sa Ghaeltacht maidir le tacaíocht don Ghaeilge in earnáil na luathbhlianta. Chun é seo a dhéanamh, beidh áiseanna oideachais agus oiliúna cuí ag teastáil ar son cleachtóirí agus seirbhísí, agus beidh forbairt ábhar agus acmhainní ag teastáil freisin.

Bhunaigh mé foghrúpa den Fhóram um Luathbhlianta, a bhfuil baill ann ó CNNG, Gaeloideachas, Foras na Gaeilge, na Naonraí Gaelacha, an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an tÚdarás, agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, chun tosaíochtaí a aithint le haghaidh an mhéid a chothaigh ina thaobh seo. Chuir an foghrúpa a thuarscáil ar fáil le déanaí, agus tá mo chuid oifigigh ag smaoineamh uirthi faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.