Written answers

Tuesday, 16 May 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

329. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén fáth a bhfuil teorainn íseal leis an méid scoláirí ón mórthír a fhreastalaíonn ar mheánscoileanna ar na hoileáin Ghaeltachta, ós rud é go bhfuil éileamh mór ar an scéim seo, go gcuireann sí go mór le hoideachas na scoláirí, go dtreisíonn sí le hoideachas meánleibhéil ar na hoileáin, agus ós rud é nach dtógfadh sé ach €150,000 sa bhliain chun an scéim a oscailt suas go mór; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23052/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoin mbeartas speisialta atá i gceist ag an Teachta íoctar deontas in aghaidh an lae faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le teaghlaigh cáilithe ar oileáin i leith daltaí ó lasmuigh den Ghaeltacht a bhíonn ar iostas leo fad a bhíonn siad ag freastal ar mheánscoileanna go lánaimseartha ar na hoileáin sin. Cuireadh an socrú seo i bhfeidhm chun cabhrú le hinmharthanacht na meánscoileanna ar oileáin Ghaeltachta agus ar mhaithe le hinmharthanacht saol na n-oileán go ginearálta a threisiú. Tugann sé deis do na scoláirí chomh maith teacht isteach ar bhlas agus líofacht nádúrtha na Gaeilge trína gcaidreamh le cainteoirí dúchais fad agus a bhíonn said ar na hoileáin. Rinneadh an socrú seo go príomha le cuidiú le scoileanna a bhí i mbaol mar gheall ar thitim sna huimhreacha clárúcháin.

Íoctar an deontas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge cé go mbíonn na scoláirí ag freastal ar ghnáth scoil agus ní ar Choláiste Gaeilge agus go gcaitheann siad tréimhse níos faide sa Ghaeltacht. Bhí teorainn de thríocha curtha leis an méid scoláirí gur féidir a aithint faoin scéim seo le go mbeidh cóimheas folláin agus torthúil idir na scoláirí ón taobh amuigh agus scoláirí ón oileán.

Déantar athbhreithniú ar an scéim go rialta.  Cuirtear nithe éagsúla san áireamh mar chuid de na hathbhreithnithe sin, lena n-áirítear an t-éileamh ó na meánscoileanna ar na hoileáin agus an tionchar a d’fheadfadh líon mór daltaí ó cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht a imirt ar iompar teanga phobail na meánscoileanna agus phobal na n-oileán féin.  Ar mhaithe le múinteoir a choinneáil sa scoil, tá áthas orm go raibh ar mo chumas cúig scoláire breise a cheadú do Choláiste Éinne, Árainn faoin scéim don bhliain 2017/2018. Is ar bhonn eisceachtúil a cheadaíodh na scoláirí breise don scoilbhliain seo amháin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.