Written answers

Tuesday, 16 May 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Deontais faoi Údarás na Gaeltachta

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

330. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén fáth a bhfuil Comharchumainn na n-oileán Gaeltachta ag fáil níos lú deontas ón Stát ná Comharchumainn na n-oileán Galltachta, ós rud é go mbíonn níos mó cúraimí orthu, go háirithe ó thaobh an Ghaeilge a chothú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23053/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann Údarás na Gaeltachta deonta i s reáchtála ar fáil do na comharchumainn ar sé oileán Gaeltachta chun Clár Forbartha na gComharchuman n a chur i bhfeidhm ar na hoileáin sin. Cuirtear na deonta i s seo ar fáil chun cabhrú leo a gcuid costais bainistíochta agus barrchostas a chlúdach. Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fhómhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear na deontais reáchtála sin ar fáil. Ár ndóigh, ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht a chur chun fónaimh i gcomhth éacs na gcúramaí atá sainithe di, lena n-áirítear na cúramaí a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga agus fhorbairt phobail araon. Beag beann air sin, ní mór dom a mheabhrú don Teachta gur éirigh liom allúntas reatha breise de €250,000 a fháil don Údarás le dáileadh ar na comharchumainn agus na heagraíochtaí phobalbhunaithe Gaeltachta i mbliana.

Maidir leis an bpleanáil teanga, ní miste a shoiléiriú go bhfuil maoiniú ar leith á chur ar fáil ag mo Roinn tríd Údarás na Gaeltachta do na ceann eagraíochtaí atá i mbun pleananna teanga a réiteach do na hoileáin Gaeltachta. Nuair a bheidh na pleananna sin réitithe agus iad faofa ag amsa mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, cuirfear maoiniú ar leith ar fáil chun cabhrú leis na ceann eagraíochtaí na plean anna sin a chur i bhfeidhm.

Ní miste a rá go mbíonn foinsí eile ioncaim ag na comharchumainn oileánacha ó thograí tráchtála eile a bhíonn idir lámha acu.

Maidir leis na hoileáin taobh amuigh den Ghaeltacht, glactar leis gurb é maoiniú atá á chur ar fáil ag mo Roinn do na struchtúir bainistíochta ar na hoileáin úd atá faoi chaibidil. Faoin maoiniú sin atá ar mhéid circa €0.5m in aghaidh na bliana, maoinítear struchtúir bainistíochta ar naoi oileán amach ón gcósta. Tá difríocht bunúsach idir an struchtúr maoinithe sin agus an ról atá ag na Comharchumainn Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.