Written answers

Tuesday, 16 May 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Oileán

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

328. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí sásta bualadh le Comharchumann Inis Mór chun conradh Aer Árann a phlé leo, i bhfianaise na titime atá tar éis teacht ar an méid daoine atá ag úsáid na seirbhíse de bharr an chonartha nua, rud a fhágann nach bhfuil an tseirbhís ag freastal ar an éileamh níos mó, agus go gcosnaíonn an tseirbhís an iomarca airgid ar gach paisinéir taobh amuigh den Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (PSO); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22983/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá conradh do sheirbhís aeir do na hOileáin Árann aontaithe ag mo Roinn le Galway Aviation Services Limited (ag trádáil mar Aer Arann) don tréimhse 1 Eanáir 2017 go dtí 31 Nollaig 2020. Faoin gconradh sin, tá sceideal cuimsitheach eitiltí á gcur ar fáil ó cheann ceann na bliana. Mar aon le haon seirbhís sceidealta, tá amchlár leagtha síos don tseirbhís seo – amchlár faoina bhfuil socraithe go gcuirfear níos mó eitiltí ar fáil ná mar a bhí á ndéanamh le blianta beaga anuas faoin gconradh a bhí i bhfeidhm roimhe seo.

Bím sásta bualadh le Comharchumann Inis Mór am ar bith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.