Written answers
Tuesday, 11 October 2016
Department of Housing, Planning, Community and Local Government
Toghcháin Áitiúla
Donnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
205. To ask the Minister for Housing, Planning, Community and Local Government an bhfuil sé ar intinn aige Coimisiún a chur ar bun chun teorainneacha na dtoghcheantar do na toghcháin áitiúla a scrúdú agus a athbhreithniú, agus má tá, an féidir leis amscála a thabhairt maidir leis an obair sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29215/16]
Donnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
207. To ask the Minister for Housing, Planning, Community and Local Government an bhfuil sé ar intinn go ndéanfar aon athrú ar theorainneacha na dtoghcheantar i gComhairle Contae Chorcaí, nó i gComhairle Cathrach Chorcaí, roimh an gcéad toghchán áitiúil eile, agus má tá, an féidir leis amscála a thabhairt maidir leis an obair sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29217/16]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá fúm glacadh le Ceisteanna, Uimhreacha 205 agus 207 le chéile.
Rinneadh an t-athbhreithniú is déanaí ar thoghlimistéir áitiúla sa tréimhse ó Shamhain 2012 go Bealtaine 2013 ag an Coiste um Theorainneacha Toghlimistéar Áitiúil, arna bhunú faoin Acht Rialtais Áitiúil 1991.
Murab ionann an cás le dáilcheantair Dhála agus toghlaigh Pharlaimint na hEorpa, níl aon cheanglas bunreachtúil nó reachtach ann maidir le hathmheas toghlimistéar áitiúil.
Tá tiomantas sa Chlár Rialtais go ndéanfar breithniú ar laghdú méid na dtoghlimistéar áitiú la; déanfar scrúdú ina leith sin le linn tuarascáil a ullmhú don Rialtas agus don Oireachtas faoi lár na bliana 2017 maidir le bearta féideartha chun ceannaireacht agus cuntasacht rialtais áitiúil a neartú.
No comments