Written answers

Tuesday, 11 October 2016

Department of Housing, Planning, Community and Local Government

Údaráis Áitiúla

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

204. To ask the Minister for Housing, Planning, Community and Local Government an ndéanfaidh sé ráiteas maidir le seasamh an rialtais i dtaobh an athbhreithnithe ar struchtúir rialtais áitiúil i gCorcaigh, cén gníomh atá ar intinn ag an rialtas a dhéanamh anois, cad é beartas an rialtais ó thaobh struchtúir rialtais áitiúil i gCorcaigh faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29214/16]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceapadh Coiste neamhspleách i 2015, chun athbhreithniú a dhéanamh ar shocruithe rialtais áitiúil i gcathair agus i gcontae Chorcaí, go háirithe athbhreithniú a dhéanamh ar teorainn na gcathrach, agus moltaí a dhéanamh maidir le cibé ar chóir an teorainn a athrú nó ar chóir Comhairle Cathrach Chorcaí agus Comhairle Contae Chorcaí a aontú. Chuir an choiste a thuarisc ar fáil ar 2 Mean Fómhair 2015. Bhí tuairisc mionlaigh cuimsithe sa tuarascáil fhoriomlán.

Bhí an dá thuarascáil comhaontaithe nach bhféidir cúrsaí a fhágail mar atá, ach bhí difríocht maidir leis an cúrsa gníomhaíochta a bhí molta sna tuariscail.

Cuirfear an cheist chun tosaigh mar chuid de chláir athchóirithe an rialtais áitiúil atá luite sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta. Dá bhrí sin, tá grúpa saineolaithe curtha i mbun agam, chun comhairle a thabhairt dom ar na roghanna atá ar fáil maidir le socruithe rialtais áitiúil sa todhchaí i gCorcaigh, chun comhaontu a thógáil, agus chun aghaidh a thabhairt ar na chéad chéimeanna eile atá I gceist chun leasa mhuintir na cathrach chorcaí agus contae araon.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.