Written answers

Tuesday, 11 October 2016

Department of Housing, Planning, Community and Local Government

An Coimisiún Toghcháin

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

203. To ask the Minister for Housing, Planning, Community and Local Government an bhfuil sé ar intinn aige le linn shaolré an rialtais seo Coimisiún Toghcháin buan a chur ar bun, a bheadh freagrach as reifrinn, toghcháin agus vótálacha eile a eagrú agus as eolas a scaipeadh fúthu, agus a bheadh freagrach as clár na dtoghthóirí a riar agus gnóthaí comhchosúla eile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29213/16]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sa bhliain 2015, rinne Comhchoiste an Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le bunú coimisiúin toghcháin a chur i gcrích ar bhonn páipéar comhairliúcháin a d’ullmhaigh mo Roinnse agus tar éis don Aire a bhí ann an tráth sin iarraidh ar an gComhchoiste déanamh amhlaidh. D’fhoilsigh an Coiste tuarascáil faoin gcomhairliúchán i mí Eanáir 2016. Sa tuarascáil sin, tá sraith moltaí ann maidir le bunú coimisiúin toghcháin, lena n-áirítear moltaí maidir le feidhmeanna ar ceart iad a shannadh don choimisiún, maidir le comhaltas, maidir le sásraí cuntasachta agus maidir le próiseas bunaithe an choimisiúin. Bainfear leas as an eolas atá le fáil sa tuarascáil sin nuair a bheidh an tiomantas atá i gClár don Rialtas Comhpháirtíochta maidir le coimisiún toghcháin a bhunú á chur i bhfeidhm. Faoi láthair, nílim in ann léiriú a thabhairt ar an amlíne i ndáil le coimisiún toghcháin a bhunú, ar coimisiún é a dhéanfaidh athrú bunúsach ar an tslí ina mbainistítear agus ina riartar toghcháin agus beidh gá le mionbhreithniú agus mionanailís ina leith sula rithfear reachtaíocht chun é a bhunú; ach tá breithniú á dhéanamh ar an ábhar seo i mo Roinn faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.