Written answers
Tuesday, 11 October 2016
Department of Housing, Planning, Community and Local Government
Coimisiún na Teorann
Donnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
206. To ask the Minister for Housing, Planning, Community and Local Government an bhfuil sé ar intinn aige Coimisiún a chur ar bun chun teorainneacha na ndáilcheantar a scrúdú agus a athbhreithniú roimh an gcéad olltoghchán eile, agus má tá, an féidir leis amscála a thabhairt maidir leis an obair sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29216/16]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Díreach tar éis don Phríomh-Oifig Staidrimh réamhthorthaí Dhaonaireamh 2016 a fhoilsiú ar an 14 Iúil 2016, agus de réir fhorálacha an Achta Toghcháin 1997, rinne mise Ordú a bhunaigh Coimisiún um Thoghlaigh chun dáilcheantair Dhála agus toghlaigh Pharlaimint na hEorpa a athbhreithniú.
Is é feidhm an Choimisiúin um Thoghlaigh tuarascáil a thabhairt maidir leis na dáilcheantair do thoghadh comhaltaí na Dála agus comhaltaí Pharlaimint na hEorpa, agus aird á thabhairt ar Airteagal 16 den Bhunreacht agus ar na téarmaí tagartha atá leagtha amach in alt 6(2) den Acht Toghcháin 1997.
Tá sé de cheangal ar an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt do Chathaoirleach na Dála tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don Phríomh-Oifig Staidrimh torthaí deiridh an Daonáirimh a fhoilsiú agus táthar ag súil le foilsiú na dtorthaí sin i mí Márta 2017.
No comments