Written answers

Wednesday, 14 January 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Oileán

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1057. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici aon athruithe a dhéanamh ar chaighdeán nó ar mhinicíocht na seirbhísí aeir d’Oileáin Árann sa chonradh nua a thiocfaidh i bhfeidhm níos déanaí i mbliana; cén uair atá sé i gceist tairiscintí nua a lorg don tseirbhís; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1423/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl cinneadh críochnúil tógtha go fóill maidir leis an gconradh úr don tseirbhís aeir d'Oileáin Árann. Mar is eol don Teachta, d’fhostaigh mo Roinn na comhairleoirí EY chun athbhreithniú a dhéanamh ar an tseirbhís aeir agus foilsíodh tuarascáil chuimsitheach anuraidh ina raibh moltaí éagsúla ann.

Mar eolas don Teachta, tá mo Roinn i mbun próisis tairisceana faoi láthair chun comhairleoirí a fhostú chun plé leis an bpróiseas tairisceana don tseirbhís aeir, ag tógáil na nithe thuasluaite san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.