Written answers
Wednesday, 14 January 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Stát Seirbhís
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1058. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1425/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar chuid den obair ar dhréacht-Phlean Fórsa Oibre mo Roinnse do 2014, rinneadh réamh-iniúchadh ar na postanna ina bhfacthas go bhféadfadh inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon a bheith riachtanach. Mar thoradh ar sin, rinneadh 72 phost a aithint mar mheastachán tosaigh ar an riachtanas a d'fhéadfadh a bheith i gceist.
Chlúdaigh dáileadh na bpost a bhí aitheanta gráid ag gach leibhéal thar réimsí gnó uile na Roinne. Cé nár aithníódh go mbeadh aon cháilíocht fhoirmeálta de dhíth, glactar leis nach mór go mbeadh baill foirne sna poist aitheanta in ann gnó na Roinne a dhéanamh sa dá theanga oifigiúil.
Ós rud é go bhfuil an próiseas sa chás seo fós idir lámha, tuigfidh an Teachta nach bhfuiltear in ann figuiúrí deimhnitheacha a thabhairt ag an bpointe seo. Is ag na gráid seo a leanas, áfach, atá an 72 phost atá aitheanta go dáta ar bhonn eatramhach:
- | Posts |
---|---|
Ard-Rúnaí | 1 |
Rúnaí Cúnta/Stiúrthóir | 2 |
Príomhoifigeach | 3 |
Príomhoifigeach Cúnta | 12 |
Ardoifigeach Feidhmiúcháin | 12 |
Oifigeach Feidhmiúcháin | 15 |
Oifigeach Foirne | 1 |
Oifigeach Cléireachais | 15 |
Oifigeach Seirbhíse | 2 |
Gráid eile | 9 |
Mar a thuigfidh an Teachta, beidh folúntais i bpoist áirithe ó am go ham. Faoi láthair tá 5 fholúntas i bpoist shainaitheanta - 2 cheann mar Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin, 2 cheann mar Oifigeach Feidhmiúcháin agus ceann amháin mar Oifigeach Seirbhíse. Tabharfaidh mo Roinn aghaidh ar na bhfolúntas seo in am trátha i gcomhthéacs na srianta atá ann ó thaobh pholasaí acmhainní daonna agus párolla.
No comments