Written answers
Wednesday, 14 January 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Orduithe Logainmneacha
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1054. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad ordú logainmneacha a rinneadh gach bliain le deich mbliana anuas; cé mhéad logainmneacha a bhí ar áireamh sna hOrduithe Logainmneacha gach bliain; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1419/15]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1055. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad dréacht d’ordú logainmneacha atá ag fanacht le faomhadh nó lena mhalairt uaithi nó atá ag fanacht lena gcur faoi bhráid an choiste nua a cuireadh in ionad an Choimisiúin Logainmneacha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1420/15]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1056. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén líon ball foirne a bhí ag an mBrainse Logainmneacha an 1/1/10 agus an 1/1/15; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1421/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 1054, 1055 agus 1056 le chéile.
Léirítear sa tábla thíos líon na n-orduithe logainmneacha a rinneadh ón mbliain 2005 go data, chomh maith leis an líon logainmneacha a bhí i gceist le gach ordú.
Orduithe Logainmneacha (Contae / Ceantar) | Bliain | Líon Logainmneacha |
---|---|---|
Tiobraid Árann | 2005 | 3,527 |
Lárionaid daonra (nach bhfuil clúdaithe in orduithe eile) | 2005 | 1,340 |
Luimneach (Leasú) | 2008 | 1 |
Ceantair Ghaeltachta (ainmneacha eile) | 2011 | 6,071 |
Baile Átha Cliath | 2011 | 1,355 |
Corcaigh | 2012 | 6,072 |
Tá dréachtorduithe logainmneacha, a chuimsíonn 6,930 logainm san iomlán, ullmhaithe do chontaetha na Gaillimhe, Liatroma agus Longfoirt. Déanfar na dréachtorduithe sin chomh luath agus atá na leasuithe cuí ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 achtaithe.
Ina theannta sin, cuireadh 3,498 logainm i ndréachtordú logainmneacha Chontae Mhaigh Eo faoi bhráid an Choiste Logainmneacha sa bhliain 2014. Pléifidh an Coiste Logainmneacha fuílleach na logainmneacha i ndréachtordú logainmneacha Chontae Mhaigh Eo (658 logainm) go luath i mbliana. Tá socruithe sa treis freisin chun logainmneacha chontaetha Cheatharlach agus Loch Garman a chur faoi bhráid an Choiste Logainmneacha i mbliana.
Bhí 6 phost lánaimseartha sa Bhrainse Logainmneacha ar an 1 Eanáir 2010 i gcomparáid le 4.4 post lánaimseartha ar an 1 Eanáir 2015.
No comments