Written answers
Wednesday, 14 January 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Tuarascálacha Ranna
Pearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1053. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil a fhios aici cathain a fhoilseofar an tuarascáil ón meitheal smaointe a bunaíodh i mí Aibreáin 2014 chun fiosrúchán a dhéanamh maidir le cruthú post i nGaoth Dobhair; cé hiad na daoine a bhí páirteach sa ghrúpa sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1418/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhunaigh Údarás na Gaeltachta grúpa oibre, Fóram Forbartha Fiontraíochta, i mí Aibreáin seo caite chun tabhairt faoi phlean gníomhaíochta a ullmhú, a bhfuil sé mar aidhm aige tograí fiontraíochta nua a aimsiú agus a mhealladh le lonnú in iarthuaisceart Chontae Dhún na nGall agus deiseanna nua fostaíochta a chruthú sa cheantar. Tá ionadaíocht ar an ngrúpa oibre ag Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann, an tÚdarás Forbartha Tionscail, SOLAS, Comhairle Contae Dhún na nGall, Institiúid Theicneolaíochta Leitir Ceanainn, an Roinn Coimirce Sóisialaí, agus mo Roinn féin. Tuigim go bhfuil sé beartaithe tuarascáil an ghrúpa oibre a fhoilsiú i mí an Mhárta.
No comments