Written answers

Tuesday, 19 June 2012

Department of Education and Skills

Oiliúint Múinteoirí

8:00 pm

Photo of Maureen O'SullivanMaureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context

Question 240: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige cinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna deireadh a chur le deontais d'ábhair oidí chun freastal ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht mar chuid riachtanach dá gcúrsa, a aisghairm, ó thagann an cinneadh salach go hiomlán ar na moltaí atá déanta ag an Rialtas féin sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010 - 2030 agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta, arb í an comhlacht reachtúil gairmiúil don mhúinteoireacht in Éirinn í; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29385/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Mar chuid de bhreithniúcháin bhuiséadacha an Rialtais agus den Athbhreithniú Cuimsitheach ar Chaiteachas, cinneadh ar na deontais a d'íocadh an Roinn seo i leith an chostais ar ábhar múinteora as freastal ar chúrsaí Gaeltachta, a chur ar ceal. Beidh feidhm leis an gcinneadh i gcás mac léinn a bheidh ag tosnú ar an gclár túsoideachas bunmhúinteoireachta sa bhliain acadúil 2012/13. Mar is eol don Teachta, tá tosaíocht á tabhairt d'acmhainní a chosaint i gcomhair seirbhísí túslíne sna blianta amach anseo. Níl beartaithe agam an cinneadh seo a aisghairm. Fágann an beart seo go bhfuil na cláir thúsoideachas bunmhúinteoireachta ar aon dul le cláir chéime eile níos mó ná mar a bhídís, le cláir ar nós clár céimeanna teanga, ina n-éilítear ar mhic léinn costais riachtanas speisialta breise a ghlanadh iad féin. Tá an rialtas tiomanta do thacú le héirim ghinearálta na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus cuirfidh sé i gcrích na haidhmeanna agus na spriocanna insroichte atá molta, ag tabhairt aird ar an gcomhthéacs buiséadach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.