Written answers
Tuesday, 19 June 2012
Department of Education and Skills
Scoileanna Gaeltachta
8:00 pm
Maureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context
Question 239: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige agus ag a Roinn plean struchtúrach a chur i bhfeidhm maidir le todhchaí scoileanna na Gaeltachta mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010- 2030 agus aird á tabhairt ar Airteagail 8 agus 42 de Bhunreacht na hÉireann, mar aon le hailt 6, 9 agus 31 den Acht Oideachais, 1998; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29384/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Tá oifigigh as mo Roinnse ag comhoibriú go dlúth le hoifigigh as an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá líon áirithe beart sa Straitéis, a bhaineann leis an oideachas, agus a thabharfaidh tacaíocht do scoileanna i gceantair Gaeltachta, faoi shiúl cheana féin.
No comments