Written answers
Tuesday, 19 June 2012
Department of Education and Skills
Oiliúint Múinteoirí
8:00 pm
Maureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context
Question 241: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna Oideachais agus Scileanna an aontaíonn sé gur chóir cloí leis na teisteanna a rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta, ina moltar go leanfadh ábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht, agus go gcuirfí leis an am teagaisc agus freastail d'ábhair oidí ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht, mar chuid éigeantach dá gcéim oideachais chun a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú; an dtacaíonn sé leis an moladh gur chóir d'ábhair oidí an tréimhse Ghaeltachta a dhéanamh ag tús na céime chun gur féidir leo an rogha a dhéanamh leanúint leis an gcúrsa trí mheán na Gaeilge más mian leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29386/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Os í comhlacht na gcaighdeán gairmiúil í don mhúinteoireacht, tá ról reachtúil ag an gComhairle Mhúinteoireachta maidir le cláir thúsoideachais múinteoirí a chreidiúnú. Tá riachtanais chreidiúnaithe na Comhairle leagtha amach in Critéir agus Treoirlínte do Sholáthróirí Clár, a foilsíodh i mí Meithimh 2011, agus tá an clár athbhreithnithe Bhaitsiléir san Oideachas chun tosnú i gColáistí Oideachais na múinteoirí bunscoile go léir i mí Mheán Fómhair 2012. Is gnó don Chomhairle Mhúinteoireachta agus do na Coláistí Oideachais é fad agus foirm an tSocrúcháin Ghaeltachta agus níl feidhm ar bith ag mo Roinnse sa ghnó sin. Bhunaigh an Chomhairle Meitheal do Shocrúcháin Ghaeltachta, agus ionadaithe as na Coláistí Oideachais go léir páirteach ann, chun moltaí a dhéanamh maidir le socrúchán sínithe Gaeltachta. Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tar éis faomhadh a thabhairt do thuarascáil an Mheitheal Oibre le déanaí agus molann sé go ndéanfadh mic léinn Socrúchán Gaeltachta cheithre seachtaine san iomlán i dhá bhloc ar leith. Ní ceart go ndéanfaí an dá bhloc sa bhliain acadúil chéanna. Leagann an tuarascáil moltaí amach freisin i dtaobh struchtúir agus inneachair an chúrsa.
No comments