Written answers
Tuesday, 18 October 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
An Cruinniú Aireachta Thuaidh-Theas
9:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 310: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil tuairisc aige ar an gCruinniú Aireachta Thuaidh/Theas [30184/11]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
D'fhreastail mé féin agus an tAire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., ar dhá chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha ar 12 Deireadh Fómhair 2011. Is éard a bhí i gceist ná an ceathrú cruinniú rannach déag d'UiscebhealaíÉireann agus an tríú cruinniú rannach déag d'Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas. Bhí an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín MLA, agus Aire Sóisearach in Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, Jonathan Bell MLA, i láthair ag an gcruinniú thar ceann Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann. Foilsíonn an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas comhráitis i ndiaidh na gcruinnithe seo ar a suíomh gréasáin. Is féidir na comhráitis ábhartha a fháil ag: http://www.northsouthministerialcouncil.org/index/publications/joint-communiques/sectoral-jc.htm.
No comments