Written answers
Tuesday, 18 October 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Forbairt Pobail
9:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 309: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén todhchaí atá i ndán do na comharchumainn Ghaeltachta; agus an bhfuil maoiniú deimhnithe le haghaidh na bliana seo [30182/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tuigim óÚdarás na Gaeltachta go bhfuil ciste de €1.86m ar fáil i mbliana chun deontais reachtála a íoc le tuairim is 30 comharchumann agus eagraíocht pobail atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Beidh cinntí maidir le maoiniú na n-eagraíochtaí seo in 2012 ag brath ar an soláthar airgid a bheidh ar fáil don Údarás agus ar na tosaíochtaí straitéiseacha a mbeidh an soláthar sin dírithe orthu. Ní miste a lua fosta go n-aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht agus comhoibriú an phobail maidir le forbairt na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Sa chomhthéacs seo, is léir go bhféadfadh ról dearfach a bheith ag na comharchumainn agus ag na heagraíochtaí pobail ag tacú le bearta ábhartha na Straitéise sa réimse pleanála teanga, ach iad a bheith ullmhaithe chuige sin.
No comments