Written answers
Tuesday, 18 October 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Deontais Ealaíona
9:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 308: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén todhchaí atá i ndán d'Ealaíon na Gaeltachta; agus an bhfuil maoiniú deimhnithe le haghaidh na bliana seo [30181/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta é Ealaín (na Gaeltachta) Teo. a chuireann forbairt na n-ealaíon comhaimseartha agus traidisiúnta chun cinn i gceantair Ghaeltachta. Is éÚdarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon a dhéanann an fhochuideachta a chómhaoiniú. Tuigim óÚdarás na Gaeltachta go bhfuil maoiniú iomlán de €820,000 curtha ar fáil d'Ealaín (na Gaeltachta) Teo. don bhliain 2011 ar bhunús 50/50 ón Údarás agus ón gComhairle Ealaíon. Beidh maoiniú na fochuideachta in 2012 ag brath ar an gciste iomlán a bheidh ar fáil don Údarás agus ar na socruithe cómhaoinithe a aontófar leis an gComhairle Ealaíon.
No comments