Written answers

Tuesday, 18 October 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Scéim Labhairt na Gaeilge

9:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 307: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun chinn atá déanta aige ar scéim nua a chur i bhfeidhm in ionad scéim labhairt na Gaeilge [30180/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Faoi mar a thug mé le fios i bhfreagraí ar Cheisteanna faoin ábhar céanna ar 22 Meitheamh agus ar 21 Iúil 2011, tá sé i gceist ag mo Roinnse córas nua tacaíochta a thionscnamh in áit Scéim Labhairt na Gaeilge. Faoin scéim nua atá beartaithe, ba mhaith le mo Roinn tacaíocht níos éifeachtaí a thabhairt do ghlúnta tuismitheoirí Gaeltachta chun cabhrú leo a gcuid páistí a thógáil trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, bheadh an scéim úr fite fuaite go dlúth le haidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá oifigigh ó mo Roinn i dteagmháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i leith na scéime úire agus tá súil agam go mbeifear in ann gníomhú ar an ábhar seo chomh luath is a bheidh na cainteanna sin thart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.