Written answers

Tuesday, 18 October 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Maoiniú Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

9:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 311: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén todhchaí atá i ndán d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; agus an bhfuil maoiniú deimhnithe le haghaidh na mblianta romhainn [30185/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I dtosach báire, ba mhaith liom a rá go luíonn an phríomhfhreagracht maidir Ie maoiniú Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh, i gcomhar leis an Údarás um Ard-Oideachas agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. É sin ráite, tagann aidhmeanna, straitéis, gníomhaíochtaí agus cur chuige Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge go dlúth le sainchuspóirí mo Roinne sa Ghaeltacht. Sa chomhthéacs sin, bhí mo Roinn sásta ról tánaisteach a imirt chomh fada is a bhain sé le maoiniú na n-ionad Gaeltachta atá ag an Acadamh. Aithníonn mo Roinn an ról a d'fhéadfadh a bheith ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Mar is eol don Teachta, tá iniúchadh á dhéanamh, faoi stiúir na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ar chaiteachas an Stáit faoin Athbhreithniú Cuimsitheach Caiteachais. Is sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs an phróisis meastachán a dhéanfar cinntí sonracha maidir leis an mbealach is fearr le freastal a dhéanamh ar na héilimh éagsúla a bheidh ar mo Roinn, lena n-áirítear aon éileamh ón Acadamh don tréimhse atá romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.