Written answers
Thursday, 21 July 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Forbairt na nOileán
7:00 pm
Brendan Smith (Cavan-Monaghan, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 37: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé na pleananna atá aige chun na hoileáin sa Ghaeltacht agus na hoileáin i gcoitinne a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21804/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tá dul chun cinn maith déanta le blianta beaga anuas maidir le forbairt na n-oileán. Tá fóirdheontais curtha ar fáil trí mo Roinnse le haghaidh réimse leathan seirbhísí iompair go dtí na hoileáin a bhfuil buanchónaí orthu, lena n-airítear seirbhísí paisinéirí, lastais, bus agus aeir. Tá méadú tagtha ar líon na seirbhísí seo ón seacht seirbhís a bhí ann i 1997 go dtí os cionn fiche seirbhís i mbliana. Ina theannta sin, íocann mo Roinn deontais le haghaidh bainistiú na n-aerstráicí ar na hOileáin Árann.
Le linn na tréimhse ó 1997 go 2010, ceadaíodh beagnach €120m trí mo Roinnse chun feabhas a chur ar infreastruchtúr ar mhaithe le pobail na n-oileán. Mar thoradh ar an leibhéal infheistíochta seo, tá feabhas suntasach tagtha ar shaol na n-oileánach de bharr ardchaighdeán bonneagair ar na hoileáin agus áiseanna gaolmhara ar an mórthír. Cé go n-aithním na constaicí mórá atá ann mar thoradh ar an gcúlú eacnamaíochta, táimse ag súil go mbeidh mo Roinnse in ann leanúint ar aghaidh, feadh a cumais, ag maoiniú seirbhísí riachtanacha rochtana chuig na hoileáin.
Ní miste a rá fosta go gcuirtear maoiniú ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le cruthú fostaíochta, deiseanna oiliúna, forbairt pobail agus teanga sa Ghaeltacht - na hoileáin Ghaeltachta san áireamh. Táim ag súil go n-imreoidh an tionscnamh fostaíochta a fógraíodh tamall ó shin ag an Rialtas tionchar dearfach ar chúrsaí fostaíochta ar na hoileáin chomh maith leis an mórthír.
No comments