Written answers
Thursday, 21 July 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Scéimeanna Ranna
7:00 pm
Pádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 38: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil scéim nua ag an Rialtas fós chun ionad scéim labhairt na Gaeilge a ghlacadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21790/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Faoi mar a thug mé le fios i bhfreagra ar Cheist Dála ar 22 Meitheamh 2011, tá sé i gceist ag mo Roinnse córas nua tacaíochta a chur in áit Scéim Labhairt na Gaeilge, a thabharfaidh deis níos fearr do pháistíóga an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha cois teallaigh sula mbaintear an scoil amach.
Tá mo Roinn ag iarraidh a chinntiú go mbeidh an cur chuige úr a thiocfaidh i gcomharbacht ar Scéim Labhairt na Gaeilge ag teacht ar bhealach níos dlúithe le cuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.
Táthar ag scrúdú na bhféidearthachtaíéagsúla a bhaineann leis an gceist faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas cinneadh críochnúil a dhéanamh sar i bhfad.
No comments