Written answers

Thursday, 21 July 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Caiteachas Ranna

7:00 pm

Photo of Brendan SmithBrendan Smith (Cavan-Monaghan, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 36: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén méid airgid atá ann d'Fhoras na Gaeilge, cé na dualgais a bheidh acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21805/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tagann dhááisíneacht teanga faoin gcomhlacht forfheidhmithe thuaidh/theas, An Foras Teanga, a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999. Is iad Foras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch, nó Gníomhaireacht na hUltaise, na háisíneachtaí teanga sin.

Tháinig Foras na Gaeilge i gcomharbacht ar Bhord na Gaeilge agus tá an phríomhfhreagracht air maidir le cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné den saol ar fud oileán na hÉireann. Tá eolas maidir le gníomhaíochtaí Fhoras na Gaeilge le fáil ar an idirlíon ag an suíomh www.gaeilge.ie.

Is tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas a aontaítear buiséid, pleananna gnó agus pleananna corparáideacha don Fhoras Teanga. Táthar ag súil go mbeidh an buiséad agus an plean gnó don bhliain 2011 agus an plean corparáideach don tréimhse 2011-2013 faofa san fhómhar ag an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas don Fhoras Teanga.

Mar eolas don Teachta ag an bpointe seo, is é€16.6m an soláthar iomlán i ndáil leis an bhForas Teanga atá i Vóta mo Roinne don bhliain 2011. Baineann €923,206 den tsuim seo le Gníomhaireacht na hUltaise agus baineann €15,636,641 den tsuim seo le Foras na Gaeilge. Áiríonn sé sin caiteachas ar ghníomhaíochtaí Fhoras na Gaeilge féin, ar Chlár na Leabhar Gaeilge agus ar Cholmcille, an tionscadal trípháirteach idir Éirinn, Tuaisceart Éireann agus Albain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.