Written answers

Wednesday, 1 July 2009

Department of Education and Science

Curaclam na Gaeilge

11:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 274: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an ndéanfaidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta cúrsa comhtháite céimnithe sásúil Gaeilge, mar aon leis an ábhar tacaíochta cuí, a sholáthar do scoileanna náisiúnta ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc; an ndéanfaidh sé féin agus a Roinn amhlaidh ag an dara leibhéal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26632/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Foilsitheoirí oideachasúla a sholáthraíonn téacsanna agus acmhainní do scoileanna de ghnáth ar bhonn tráchtála. Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta bunaithe ag mo Roinn chun críche comhairle faoi pholasaí, taighde, seirbhís tacaíochta agus téacsanna agus ábhair a chur ar fáil chun tacú le múineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge. Tá eolaire fairsing acmhainne foilsithe ag an gComhairle de na hábhair atá ar fáil anois chun tacú le múineadh ábhar trí Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal agus tá leabharlann veain aici i dtreo is gur féidir le scoileanna a fheiceáil dóibh féin céard tá le fáil.

Tá sé glactha leis go bhfuil gá le clár céimnithe Gaeilge do scoileanna a theagascann trí mheán an Bhéarla, agus tá mo Roinn ag fiosrú faoi láthair na caoi a bhféadfaí tabhairt faoin gceist seo laistigh de na hacmhainní atá le fáil, agus cén chaoi a bhféadfaí cur chuige uile-oileáin a chur chun cinn i dtaca le soláthar acmhainní oideachasúla don Ghaeilge go ginearálta. Ag leibhéal na hiarbhunscoile, ní mheastar forbairt den saghas sin a bheith ina tosaíocht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.