Written answers

Wednesday, 1 July 2009

Department of Education and Science

Ionad Náisiúnta Oideachais

11:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 277: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a bheas an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag brú chun cinn leis an Ionad Náisiúnta Oideachais i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí, a gheall Airí Oideachais agus Eolaíochta i mí na Nollag 1999 agus arís i Meitheamh 2000, i bhfianaise riachtanas na tacaíochta inghairme do mhúinteoirí Gaeilge, bunleibhéil agus dara leibhéal, agus a riachtanaí atá sé scéimeanna tacaíochta atá dírithe ar earnáil na scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta a leathnú; caighdeán Gaeilge ábhar oidí i gcoitinne a fheabhsú; taighde leanúnach a dhéanamh ar mhúineadh na teanga; oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí agus do lucht comhairle agus pleanála san oideachas; áiseanna teagaisc a fhorbairt toisc easpa réimse leathan d'áiseanna teagaisc don Ghaeilge, ag leibhéal na hiarbhunscoile go háirithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26635/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

D'fhógair mo chomhleacaí Comh-aireachta, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus an tAire Hanafin, a chuaigh romham, i Márta 2007 go mbeadh tionscnamh tacaíochta agus forbartha don Ghaeilge, faoi choimirce na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, suite ag Coláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne agus go sannfaí ceathrar ball foirne breise don Chomhairle chun na críche seo. Tá mo Roinn tar éis bheith i gcomhairle go leantach leis an Roinn Airgeadais faoi ghrádú na bpost seo. Tá an moratorium ar phoist sa seirbhís phoiblí dulta i bhfeidhm anois orthu áfach.

Táthar tar éis coiste Comhordúcháin a bhunú, é déanta suas den Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge chun comhairle a thabhairt faoi eilimintí comhoibrithe den obair fhoriomlán atá le déanamh mar thaca leis an nGaeilge. Tá buiséad de €1.234m ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta chun críche comhairle faoi pholasaí, taighde, seirbhís tacaíochta agus téacsanna agus ábhair a chur ar fáil chun tacú le múineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge. Tá eolaire fairsing acmhainne foilsithe ag an gComhairle de na hábhair atá ar fáil anois chun tacú le múineadh ábhar trí Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal agus tá leabharlann veain aici i dtreo is gur féidir le scoileanna a fheiceáil dóibh féin céard tá le fáil.

Tá Tus Maith, an tseirbhís tacaíochta bunleibhéal, agus an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal ag cur forbartha gairmiúla ar fáil i gcónaí do mhúinteoirí sa réimse seo. Ina theannta sin, tá mo Roinn ag infheistiú go trom in ábhair agus in acmhainní Séidean Sí do bhunscoileanna a bhfuil an Ghaeilge mar theanga teagaisc iontu. Leanfaidh mo Roinn uirthi ag déanamh tuilleadh tógála ar an infheistíocht seo i bhfianaise na n-acmhainní atá le fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.