Written answers

Wednesday, 1 July 2009

Department of Education and Science

Aitheantas Gaelscoileanna

11:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 273: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth gur dhiúltaigh a Roinn aitheantas a thabhairt do na seacht nGaelscoil nua agus go dtí seo Gaelcholáiste amháin a bhí le hoscailt in 2009, ainneoin go bhfuil fás mór ar na huimhreacha rollacháin do na scoileanna beartaithe, le daltaí ar liosta rollaithe chomh fada sa todhchaí le 2013, agus go bhfuil na seacht nGaelscoil nua-bheartaithe laistigh de cheantair forbartha mar atá sainithe faoi na coinníollacha a ghabhann leis an bpróiseas athbhreithnithe ar an bpróiseas aitheantais bunscoile a mhairfeadh dhá bhliain; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26631/09]

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 275: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtabharfaidh sé aitheantas do shainriachtanais na Gaelscolaíochta sa chóras aitheantais scoileanna nua atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26633/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá fúm ceisteanna 273 agus 275 a thógáil le chéile.

Is cóir dom a mhíniú go bhfuil an Coimisiún um Chóiríocht Scoile ag tabhairt faoi athbhreithniú ar an bpróiseas aitheanta do bhunscoileanna nua. Tá Meitheal Teicniúil curtha ar bun, faoi ordú Chathaoirligh an Choimisiúin, chun athbhreithniú iomlán a ghabháil de láimh ar na critéir agus ar na nósanna imeachta d'aithint bunscoileanna nua.

Tá a chuid oibre tosaithe ag an meitheal seo agus táthar ag súil go mbeidh sé curtha i gcrích agus a mholtaí tugtha domsa roimh dheireadh na bliana seo. San idirlinn, níl sé i gceist aitheantas a thabhairt do bhunscoileanna nua ar bith, ach amháin i gceantair nach féidir fónamh ar na méaduithe i líon na ndaltaí iontu insna scoileanna atá ann cheana, agus inar gá scoileanna nua a sholáthar. Ciallaíonn sé seo nach mbunófar scoileanna nua ar fháthanna nach mbaineann le fás deimeagrafach i gceantair ina bhfuil dóthain cóiríocht scoile cheana féin nó inar féidir fónamh ar mhéaduithe trí chur leis an gcóiríocht scoile atá ann faoi láthair.

Tá Rannóg Pleanála Chun Cinn mo Roinne i mbun na ceantair a shainaithint ina mbeidh gá le cóiríocht shuntasach bhreise ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal do na blianta atá le teacht. I measc na bhfachtóirí atá á machnamh tá fás sa daonra, treochtaí déimeagrafacha, rolluithe reatha agus rolluithe réamh-mheasta, forbairtí tithíochta a tharla le déanaí nó atá pleanáilte le teacht go gairid, agus cumas na scoileanna atá ann faoi láthair freastal ar an éileamh ar ionaid. Ar na fachtóirí seo a bheith machnaithe déanfar cinntí ar na modhanna trína bhfreastalófar ar na riachtanais atá ag teacht chun cinn i gceantar.

Mar chéim tosaigh tá roinnt ceantar sainaitheanta ag an Roinn is dóchúla a mbeidh gá le scoil nua nó le síntí suntasacha iontú ó 2010 i leith. Táthar tar éis sonraí faoi na ceantair seo a scaipeadh i measc na gComhlachtaí Pátrúnachta go léir maraon le cuireadh chun iad féin a thairiscint mar phátrún ar scoil nua ar bith den saghas sin dá mbeadh gá leis. Tá oifigigh i Rannóg Pleanála Chun Cinn mo Roinne ag déanamh cumarsáidí i gcónaí leis na comhlachtaí pátrúnachta ina leith seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.