Written answers

Wednesday, 1 July 2009

Department of Education and Science

Luath-thumoideachas Iomlán

11:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 272: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhféachfaidh sé féin, a Roinn agus na húdaráis chuí eile chuige go ndéanfar taighde ar bhonn uile-oileáin ar an luath-thumoideachas iomlán, cleachtas tábhachtach oideachasúil, a bhfuil dlúthbhaint aige le buanú phobal na Gaeilge lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26630/09]

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 276: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtarraingeoidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ciorclán 44/2007 siar agus an éireoidh an Roinn chéanna as an iarracht deireadh a chur sa stát seo le dea-chleachtas an luath-thumoideachais iomláin, i bhfianaise gur prionsabal luachmhar oideachasúil de chuid na Gaelscolaíochta é an tumoideachas lánGhaeilge i ranganna naíonán a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta aige, agus go mbaineann an ceart leis an luath-thumoideachas iomlán a chleachtadh le spiorad sainiúil teangeolaíoch na scoile lánGhaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26634/09]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá fúm ceisteanna 272 agus 276 a thógáil le chéile.

Tacaíonn an Roinn go hiomlán le múnlaí an tumoideachais agus tá scoileanna lán- Ghaeilge curtha chun cinn agus tacaithe aici ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal. Baineann Ciorclán 44/2007 le cearta na dtuismitheoirí rochtain a bheith ag a gclann ar an gcuraclam iomlán, an Béarla san áireamh, ón gcéim is luath is féidir, agus tá sé ina ábhar d'Athbhreithniú Breithiúnach faoi láthair.

Déanann an curaclam foilsithe bunscoile soláthar do dhá theanga, Gaeilge agus Béarla, ó thús scolaíochta, agus leagann sé amach na haidhmeanna foghlama do gach aon ábhar a ba cheart a chur chun cinn ag 4 chéimeanna lárnacha den bhunscolaíocht – ag deireadh timthriallach na naíonán, an dara rang, an 4ú rang agus an 6ú rang. Tá raon pléanna tionscanta ag mo Roinn chun an scóp do chur chuige comhaontaithe don tumoideachas a chur trí chéile i dtreo is go n-urramaítear cearta na bpáirtithe éagsúla sa scéal seo.

Maidir le cur chuige uile-oileáin don cheist seo, tá ionadaíocht ag mo Roinnse agus ag an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann araon ar ghrúpa oibre atá ag cur trí chéile polasaí sa réimse seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.