Written answers
Wednesday, 1 July 2009
Department of Education and Science
Gaelscoileanna sa Ghaeltacht
11:00 pm
Brian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 271: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta conas a chinntíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go gcosnaítear riachtanais, cearta agus mianta ráite na dtuismitheoirí gur mian leo go bhfaigheadh a bpáistí oideachas trí Ghaeilge amháin sa Ghaeltacht, más rud é go n-admhaíonn an Roinn go bhfuil sruthanna imirce tar éis dul i bhfeidhm ar scoileanna Gaeltachta le blianta anuas agus go gcuireann seo iallach ar scoileanna Gaeltachta áirithe cur chuige dátheangach a chleachtadh i gcomhair ranganna áirithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26629/09]
Batt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Faoi théarmaí Ailt 6 den Acht Oideachais, 1998, leagtar oibleagáid shainiúil ar an earnáil oideachais cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail i limistéir Ghaeltachta. Éilíonn an tAcht go gcuirfí riachtanais teanga agus cultúrtha na mac léinn chun cinn ag féachaint do roghanna a dtuismitheoirí. Chun na críche sin, is é polasaí mo Roinne go soláthrófaí oideachas i gceantair Gaeltachta trí mheán na Gaeilge chomh mór agus is féidir.
Is gnó don Phátrún agus don Bhord Bainistíochta na scoile é i gcomhairle le pobal na scoile an polasaí teanga a bheidh ag an scoil a leagadh amach. Ar mhaithe le freastal ar riachtanais angus tosca daltaí aonair agus mianta a dtuismitheoiri, bíonn sé riachtanach do scoileanna áirithe cur chuige dátheangach a ghlacadh chucu féin do chuid de na ranganna nó do mhic léinn áirithe ar feadh tréimhse ama. Nuair a tharlaíonn sé seo is í an aidhm atá leis ná feabhas a chur ar chumas teangeolaíoch an mhic léinn teagasc a fháil trí Ghaeilge agus í a úsáid.
Ní hannamh a bhíonn sé deacair cothromaíocht a fháil idir an oibleagaíd cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail i limistéir Ghaeltachta agus cearta na mac léinn chun oideachais chuí i bhfianaise teanga agus cultúr mac léinn agus an áit inar cuireadh oideachas orthu go dtí sin, sa mhéid is go mbítear ag iarraidh tosaíochtaí iomaitheacha a thabhairt chun réitigh. Ní mór reachtaíocht chomhionannais a chur san áireamh chomh maith ar fhaitíos go gcinnfí go raibh scoil ciontach in idirdhealú neamhdhíreach de bharr gur mhainnigh sí solúbthacht a chleachtadh.
Dá réir sin bíonn réitigh pragmatacha riachtanach i gcásanna aonair i gcomhairle le pobal na háite, agus ní mór raon ceisteanna a chur san áireamh, ina measc an gá le hinmharthanacht scoileanna Gaeltachta amach anseo a chinntiú.
No comments