Written answers

Wednesday, 3 December 2008

Department of Education and Science

Foireann na Roinne

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 273: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén méadú atá tagtha ar an líon daoine ar fhoireann riaracháin na Ranna Oideachais agus Eolaíochta atá inniúil agus sásta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ó rinneadh an suirbhé ar an bhfoireann sa Roinn i rith 2004; cén líon daoine ar fhoireann na Seirbhíse Síceolaíochta Oideachais Náisiúnta atá anois inniúil agus sásta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; cén líon daoine ar fhoireann na Cigireachta atá anois inniúil agus sásta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; cad atá á dhéanamh ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun an líon sin a mhéadú ar bhonn leanúnach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44283/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an Teachta ag tagairt do shuirbhé cuimsitheach a rinneadh i 2004 d'fhoireann riaracháin agus proifisiúnta mo Roinnse. Ní dhearnadh suirbhé dá leithéid arís eile ó shin. Comhlíonann mo Roinn riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cuireann sí freagraí ar fáil trí Ghaeilge do chomhfhreagras i nGaeilge atá faighte aici. Freagraíonn mo Roinn i nGaeilge glaoiteoirí ar mhian leo Gaeilge a labhairt, áit is féidir, nó geallann sí go nglaofaidh ball foirne le Gaeilge ar ais laistigh de lá oibre chun déileáil leis an bhfiafraí. Foilsíonn mo Roinn foilseacháin corporáideacha i nGaeilge. Cuireann an chigireacht seirbhís dhátheangach cigireachta ar fáil do gach bunscoil aitheanta, ina measc scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Bíodh is gurb í an Ghaeilge an meán cumarsáide de ghnáth sna scoileanna Gaeltachta agus na Gaelscoileanna, braitheann an teanga a úsáideann an chigireacht ag am ar bith ar rogha na háite. Ag an iarbhunleibhéal, cuireann an chigireacht ar fáil seirbhís i gcigireacht na Gaeilge féin. Ó tugadh isteach scéim 2005-08 na Roinne faoi Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá na hathruithe seo a leanas tagtha i bhfeidhm maidir le rannán na cigireachta i mo Roinnse:

Sainaithníodh agus oileadh foireann ildisciplíneach de chigirí iarbhunscoile chun seirbhísí cigireachta agus measúnaithe i nGaeilge do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Seoladh clár den saghas céanna do chigirí bunscoile i 2007 agus 2008.

Mar chuid den chlár leanúnach bliantúil forbartha proifisiúnta don Chigireacht cuirtear ar fáil oiliúint i measúnú trí mheán na Gaeilge do chigirí bunscoile agus iarbhunscoile.

Cuirtear oiliúint i nGaeilge ar fáil mar chuid den chlár ionduchtaithe atá ceaptha go sainiúil chun na cigirí bunscoile agus iarbhunscoile go léir a threorú maidir le measúnú agus cigireacht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

I measc na ngnásanna earcaithe tá scrúdú roghnaitheach scríofa sa Ghaeilge. Bronntar marcanna breise sa phróiseas roghnúcháin ar iarrthóirí a n-éiríonn leo ann.

Agus an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ag sannadh síceolaithe do na bunscoileanna agus do na hiarbhunscoileanna aithnítear riachtanais ar leith scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Tá grúpa ball foirne riaracháin agus síceolaíochta ar féidir leo comhairle a thabhairt nó seirbhís a sheachadadh trí mheán na Gaeilge de réir mar is gá ar fud na tíre. Tá suim i measc foireann mo Roinnse i scileanna a shealbhú sa Ghaeilge agus cabhraíonn an Roinn trí chúrsaí oiliúna do bhaill foirne chun a bpoitéinseal sa Ghaeilge a bhaint amach. Is comhartha de seo an chaoi inar éascaigh aonad oiliúna agus forbartha mo Roinne le 67 ball foirne a rinne cúrsa Gaeilge i 2006, agus an chaoi inar mhéadaigh an líon sin go dtí 74 i 2007.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.