Written answers

Wednesday, 3 December 2008

Department of Education and Science

Íocaíochtaí Deontas

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 272: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an gcinnteoidh sé go gcuirfear an liúntas múinteora breise a tugadh do roinnt Aonaid ar fáil do gach Aonad; go gcuirfear na héilimh ar fad eile a pléadh ag cruinnithe idir Gaelscoileanna Teo. agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar fáil do na hAonaid chomh maith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44282/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tar éis dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara éagsúla, chuir mo Roinn tús le plean píolótach le trí Coistí Gairmoideachais chun aonaid lán-Ghaeilge faoina gcúram a fhorbairt. Oibreoidh an plean seo ar feadh sé bliana ar fad agus athbhreithneofar é i gceann trí bliana. Is iad na páirtithe leasmhara éagsúla atá i gceist ná na trí aonaid Lán Ghaeilge, Boird Bainistíochta na máthairscoileanna, na Coistí Gairmoideachais, Gaelscoileanna Teo agus an Cumann Gairmoideachais in Éirinn. B'é an rud bunúsach a cuireadh san áireamh sa bhforbairt seo ná dáileadh acmhainní múinteoireachta breise mar chuidiú chun na cuspóirí oiriúi nacha oideachais a bhaint amach. Ag féachaint don méid seo, socraíodh ar mhéadú sa bhfoireann múinteoireachta sna trí aonaid a roghnaíodh chun bheith páirteach sa thionscadal píolótach. Léiríodh go soiléir do na páirtithe éagsúla go mbeidh an tionscadal píolótach faoi réir ag measúnú sula machnófar leathnú an tionscadail go dtí na haonaid ar fad. Ina theannta sin, beidh machnamh ar bith den sórt sin i gcomhthéacs an scéil fhoriomláin eacnamaíochta agus buiséadach a d'fhéadfadh a bheith i réim sna blianta atá le teacht agus i gcomhthéacs na dtosaíochtaí éagsúla, iad in iomaíocht lena chéile, do na hacmhainní atá le fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.