Written answers

Wednesday, 3 December 2008

Department of Education and Science

Oideachas trí Gaeilge

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 271: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad iad na bearta atá á ndéanamh, nó a bhfuil sé beartaithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta iad a dhéanamh, i dtaobh oiliúna agus tacaíochta chun teacht ar mhúinteoirí cáilithe chun teagasc trí mheán na Gaeilge a éascú, ag an iar-bhunleibhéal go háirithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44281/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá raon beartas idir lámha ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoi láthair chun tacú le múineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge i scoileanna iarbhunoideachais. Bunaíodh an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge mar áis do mhúineadh na Gaeilge go príomha. Ós rud é go bhfuil múineadh trí Ghaeilge i measc na straitéisí a mholtar chun Gaeilge a mhúineadh, tá an tSeirbhís Tacaíochta ar fáil chun cúnamh a thabhairt do scoileanna leis an gcur chuige seo. Mar dhearbhú ar thiomantas na Roinne do sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge, tá inniúlacht sa Ghaeilge ar cheann de na riachtanais atá le sásamh ag múinteoirí ar mhian leo poist a bhaint amach i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna eile lán-Ghaeilge. Is leis an gcáilíocht Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile (TGMI) a shásaítear an riachtanas seo. Íoctar liúntas breise leis na múinteoirí sin atá cáilithe go cuí. Eagraítear an scrúdú don cháilíocht seo faoi Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Dírítear aird ar an gcúrsa Dioplóma Iarchéime san Oideachas mar atá ar fáil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoina ndéanann na mic léinn cleachtadh múinteoireachta i scoil iar-bhunoideachais a úsáideann an Ghaeilge mar mheán teagaisc. Ina theannta sin tá méadú tagtha ar líon na gcúrsaí sa Ghaeilge atá á chur ar fáil ag forais tríú leibhéal ar fud na tíre a chabhróidh le múinteoirí iarbhunoideachais ar mhian leo cur lena n-inniúlacht sa Ghaeilge ar mhaithe le tabhairt faoin gcáilíocht TGMI a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.