Written answers

Wednesday, 3 December 2008

Department of Education and Science

Cóiríocht Scoile

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 270: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an gcuirfidh sé sonraí uile an chórais mhear in iúl; an ndeimhneoidh sé seasamh na scoileanna atá ar liosta feithimh do chóiríocht bhuan mar chuid d'fheachtas Ghaelscoileanna Teo. Cóiríocht Chóir agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44280/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Measúnaítear gach iarratas ar mhaoiniú caipitil ar scála mór de réir critéar foilsithe tosaíochta a leagadh síos tar éis comhairlithe leis na Comhpháirtithe Oideachais. Faoi na critéir seo, sanntar Ráta Banda do gach aon tionscadal a léiríonn an cineál oibreacha atá ag teastáil agus an phráinn atá leo. Tá ceithre Ráta Banda ann ar fad, Banda 1 an ceann is airde díobh agus Banda 4 an ceann is ísle. Baineann machnamh na bhfachtóirí bainteacha uile le próiseas measúnaithe, an ghá le háiseanna úra nó breise ag an mbunleibhéal nó ag an iarbhunleibhéal i gceantar ar bith, ina measc treochtaí rolluithe agus deimeagrafacha, forbairtí tithíochta, agus cumas na scoileanna atá ann cheana freastal ar an éileamh ar ionaid. Cuid thábhachtach den phróiseas chomh maith is ea an comhthadhall leis na scoileanna atá ann cheana. Sa tslí seo, déantar gach dícheall lena chinntiú gur leor an soláthar atá ann cheana agus go ndéantar socruithe tráthúla chun an cumas a leathnú nó chun infreastruchtúr nua a chur ar fáil áit is gá. Ina theannta sin, tá oibleagáid reachtúil ar na húdaráis áitiúla dréachtphleananna do cheantair áitiúla a chur ar aghaidh chuig an Roinn chun tuairimí agus léirmheasanna a fháil le go bhféadfar tailte a chriosú d'úsáid oideachasúil sa todhchaí. Tá mórán suíomhanna forchoimeádta chun críocha oideachasúla faoin bpróiseas seo, go háirithe sna ceantair mearfhás, chun a chinntiú go mbeidh dóthain talún forchoimeádta agus le fáil d'fhorbairt an infreastruchtúir oideachasúil amach anseo.

Ag dul thar na forálacha reachtúla comhairlithe di, maidir le dréachtphleananna d'fhorbairt ceantair, tá obair déanta ag mo Roinnse le blianta beaga anuas chun teagmhála le húdaráis áitiúla a neartú chun go bhféadfar cinneadh eolasacha a dhéanamh agus soláthar oideachasúil don todhchaí a phleanáil. Baineann mo Roinn an-úsáid chomh maith as sonraí as an daonáireamh chun críocha éagsúla, ina measc réamh-mheastacháin fad-téarmach rollaithe ag an leibhéal náisiúnta agus ag an leibhéal áitiúil. Is úsáideach iad torthaí an daonáirimh do 2006 chun treochtaí leathana sa daonra iomlán de réir chontae agus de réir cheantair áitiúil, a shainaithint. Baineann mo Roinn úsáid chomh maith as sonraí as an daonáireamh nuair atá sí ag dréachtú a pleananna forbartha ceantair féin agus ag pleanáil soláthar scoile don rollú dóchúil ag leibhéal an cheantair áitiúil. Is deimhin le mo Roinn go gcabhróidh an cur chuige atá anois aici, maidir le sainaithint agus seachadadh ionaid scoile breise i gceantair mearfhás, lena chinntiú go soláthrófar na hionaid sin san am agus san áit go mbeidh gá leo. Tá an t-eolas atá á lorg ag an dTeachta faoin liosta feithimh do chóiríocht bhuan mar chuid d'fheachtas Ghaelscoileanna Teo, Cóiríocht Chóir, á thiomsú agus cuirfear ar aghaidh chuig an Teachta é a luaithe is féidir. Is eol gan dabht don dTeachta go bhfuil líon suntasach scoileanna lán-Ghaeilge úra curtha ar fáil ag mo Roinn ó 2002 i leith, ina measc trí scoileanna ocht-rangsheomra faoi chlár mhearsheachadta 2008.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.