Written answers

Wednesday, 3 December 2008

Department of Education and Science

Coistí Ranna

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 274: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an aontaíonn sé go mba chóir go mbeadh rannóg ar leith sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus ag plé go sonrach le cúrsaí gaelscolaíochta chun an tacaíocht agus an tseirbhís is cuí a chur ar fáil d'earnáil na gaelscolaíochta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44284/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl pleananna ar bith ar intinn agam chun rannóg ar leith a chur ar bun chun déileáil le gach gnó ina mbeadh mo Roinn ag idirghníomhú le Gaelscoileanna. Is oiriúnaí an socrú é go ndéileálfadh an t-aonad gnó cuí le Gaelscoileanna ar an mbealach céanna le scoileanna eile. Ar ndóigh, tá ceist ann maidir leis an gcaoi ina ndéanann Gaelscoileanna agus grúpaí nó daoine aonair eile a ngnó trí Ghaeilge. Ina leith seo tá sé d'aidhm ag mo Roinnse Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh go hiomlán agus seirbhís shásúil a chur ar fáil dóibh siúd ar mhian leo rochtain ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.