Written answers
Wednesday, 3 December 2008
Department of Education and Science
An Luath-Thumoideachas
9:00 pm
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 258: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad iad na beartais chomhoibrithe atá beartaithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó dheas tabhairt fúthu i dtaca leis an Roinn Oideachais ó thuaidh, maidir le cúrsaí gaelscolaíochta ar bhonn uile-Éireann; an mbeidh taighde uile-Éireann ar an luath-thumoideachas mar chuid de na beartais thuaidh-theas sin; an mbeidh beartas uile-Éireann maidir le haitheantas a thabhairt d'iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i gceantair ina mbíonn ar a laghad dhá ghaelscoil fhriothálacha ann le freastal orthu, mar atá molta i dtuairisc an Choimisiúin um Chóiríocht Scoileanna, 2004, san áireamh sna beartais thuaidh-theas sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44239/08]
Batt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Bhí mo Roinn rannpháirteach sa ghrúpa oibre a d'ullmhaigh an tuarascáil athbhreithniú ar Ghaelscolaíocht a d'fhoilsigh an Roinn Oideachais i dTuaisceart na Éireann le déanaí. Tá iniúchadh á dhéanamh ag mo Roinn ar an dtuarascáil faoi láthair. Oibreoidh mo Roinn le páirtithe leasmhara sa Tuaisceart chun na féidearthachtaí a bheadh ann chun oibriú i bpáirt chun cur chun cinn na Gaeilge sna scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc, agus i scoileanna go ginearálta, a mheas. Ní bheadh sé cuí socruithe a bhainfeadh le comhghníomhaíochta a lua sula dtosóidh comhráite. I mí Mheán Fómhair seo caite, d'fhógair mé go mbunófaí grúpa oibre theicniúil faoin gCoimisiún um Chóiríocht Scoile chun athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar na critéir agus ar na nósanna imeachta maidir le haitheantas a thabhairt do bhunscoileanna nua a bheadh oiriúnach d'earnáil na bunscolaíochta sna deich mbliana amach romhainn. D'fhéadfadh go mbeadh suas le dhá bhliain ann sula mbeidh na socruithe leasaithe i bhfeidhm. San idirlinn, beidh moratorium ar aitheantas a thabhairt do bhunscoileanna nua seachas iad sin a bheidh i gceantair atá ag forbairt agus a léiríonn go bhfuil géarghá le scoil nua. Tá iniúchadh á dhéanamh agam ar réimse saincheisteanna a bhaineann le bunú iarbhunscoileanna faoi láthair chomh maith.
No comments