Written answers

Wednesday, 3 December 2008

Department of Education and Science

Coláistí Samhraidh

9:00 pm

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 259: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta conas a chinnteofar go mbeidh caighdeán ard múinteoireachta Gaeilge sna coláistí samhraidh Gaeltachta anois os rud é nach bhfuil ceart ná seasamh ag cigirí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta measúnú a dhéanamh ar obair na gcoláistí sna sála ar an Roinn a bheith ag cur deontas caipitíochta na múinteoirí ar ceal sa cháinaisnéis is déanaí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44240/08]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 261: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta conas is féidir leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta an cinneadh chun deontas caipitíochta na gcoláistí samhraidh a chur ar ceal a chosaint nuair atá méadú leanúnach ag teacht ar líon na scoláirí a bhíonn ag freastal ar na cúrsaí samhraidh Gaeltachta gach bliain — 27,855 in 2008 i gcomparáid le tuairim is 26,000 in 2007 — nuair is í an tréimhse a chaitheann scolairí óga sna coláistí samhraidh an deis is fearr atá acu a gcuid scileanna labhartha Gaeilge a fheabhsú agus go mbeidh níos mó marcanna ag dul do labhairt na teanga sna scrúduithe stáit ón mbliain 2012 ar aghaidh, agus nuair atá inmharthanacht na gcoláistí curtha go mór i mbaol ag an Roinn leis an gciorrú seo, coláistí ar a mbraitheann geilleagar na Gaeltachta go mór, i rith an tsamhraidh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44242/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna 259 agus 261 le chéile.

Aithním an ról tábhachtach atá ag na coláistí samhraidh Gaeltachta i saol na Gaeilge agus molaim obair na gcoláistí as ucht líofacht a chothú i measc na mac léinn a dhéanann freastal orthu. Is ábhar dóchais é go leanann líon suntasach mac léinn orthu ag freastal ar na coláistí seo sa Ghaeltacht. Aithním chomh maith go mbíonn tionchar nach beag ag na coláistí ar eacnamaíocht na gceantar Gaeltachta in a bhfuil siad lonnaithe. In ainneoin seo, agus in ainneoin an mhéadaithe de €302 milliún atá sa bhuiséad oideachais do 2009, éacht nach beag agus an eacnamaíocht mar atá sé, ní raibh aon dul as ach roinnt cinntí crua deacra a dhéanamh. Léiríodh na cinntí seo i measc na bhfógairtí lá an bhuiséid. Ina measc, bhí cealú an deontais a bhí á íoc ag mo Roinnse do na coláistí samhraidh Gaeilge. B'é ráta an chúnamh deontais seo a cuireadh ar fáil ná tuairim is €53 in aghaidh gach mac léinn a bhí rollaithe ar chúrsa trí seachtaine i 2008, méid ab ionann is cuid bheag go leor den chostas foriomlán a ghabh le freastal ar an gcúrsa. Leanfaidh tacaíocht an Stáit do mhic léinn a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh Gaeltachta i bhfoirm na bhfóirdheontas a íoctar le teaghlaigh a chuireann cóiríocht ar fáil do na mic léinn.

Maidir le héileamh ar na coláistí samhraidh Gaeilge, níl aon amhras orm ná go spreagfaidh na socruithe nua do na scrúduithe stáit na mic léinn teacht ar dheiseanna a gcuid Gaeilge labhartha a chleachtadh. Is ar bhainistíocht na gcoláistí samhraidh atá an phríomhfhreagracht maidir le caighdeán an tsoláthair iontu. Comhlíonann cigireacht na Roinne a ról i leith dearbhú na cáilíochta trí mheastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an oideachais sna coláistí. Déanann an chigireacht tuairisciú freisin ar chomh maith is a chomhlíonann na coláistí na riachtanais maidir le cóiríocht, cáilíocht mhúinteoirí agus eagrú agus feidhmiú na gcláracha. Breathnófar in am trátha ar ról na cigireachta i meastóireacht na gcoláistí. Leanfar leis an maoiniú a dhéantar ar fhreastal ábhar oidí ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Leanfar freisin leis na socruithe maidir le saoire phearsanta bhreise a cheadú do mhúinteoirí bunscoile a mhúineann ar na coláistí samhraidh. Toisc gurb iad áiteanna dúchais na teanga, tuigim an tábhacht chultúrtha agus sochtheangeolaíoch a bhaineann leis na limistéir Ghaeltachta, go háirithe d'fhoghlaimeoirí na teanga. Tá áthas orm go leanfar le tacaíocht a thabhairt dóibh.

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 260: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth nach raibh oiread is ionadaí amháin ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag an gcruinniú de Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS) i mBaile Átha Cliath ar an 8 Samhain 2008 le scéal an chiorraithe i ndeontas caipitíochta na gcoláistí samhraidh a mhíniú agus a phlé i gceart; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44241/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Táim sásta go ndearna mo Roinn teagmháil cuí le hoifigigh CONCOS chun iad a choimeád ar an eolas faoi na socruithe nua maidir le deontas caipitíochta na gcoláistí samhraidh. Soiléiríodh na socruithe nua ag cruinniú le hionadaithe CONCOS in oifigí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta i mBaile Átha Cliath, ar an gCéadaoin, 22 Deireadh Fómhair 2008. D'fhreastail oifigigh na Roinne a bhfuil baint acu le cúrsaí riaracháin, agus dáileadh na ndeontas i leith na gcoláistí samhraidh, ar an gcruinniú seo. Bhí ionadaithe ó chigireacht na Roinne i láthair chomh maith. Rinneadh plé cuimsitheach ar na hábhair a bhain le deireadh a chur leis na deontais do na táillí teagaisc. Pléadh ach go háirithe go gcuirfí deireadh le híocaíocht na dtáillí teagaisc do na mic léinn a fhreastalaíonn ar chúrsaí Aicme A, B agus C. Tugadh míniú soiléir faoi chúiseanna na Roinne maidir leis an gcinneadh seo a dhéanamh. Ní raibh aon ghá, mar sin, go mbeadh ionadaí ón Roinn i láthair ag an gcruinniú ar 8 Samhain, mar nach raibh cor nua sa scéal ón 22 Deireadh Fómhair. Déanfaidh an Roinn teagmháil le CONCOS maidir leis na hábhair eile ar a lorgaíodh soiléiriú nuair a bheidh eolas ar fáil fúthu. Beidh oifigigh i mo Roinnse i dteagmháil le CONCOS go luath chun na gnéithe seo a thabhairt chun críche.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.