Written answers

Wednesday, 3 December 2008

Department of Education and Science

Forbairt Pobail

9:00 pm

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 257: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an aithníonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta gurb í forbairt scolphobail mar phrionsabal agus mar sprioc oibre an cur chuige is fearr le pobal láidir a chothú i gceantar agus le leas a bhaint as na hacmhainní féideartha ag an scoil chun seo a dhéanamh; an mbeadh sé sásta maoiniú oiriúnach a chur ar fáil chuige seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44238/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Measaim go bhfuilimid go léir feasach ar an gcaoi ina bhfuil bunscoileanna ach go háirithe ina bpointe lárnach de phobal na háite ina n-oibríonn siad. Cothaíonn sé seo spiorad láidir pobail sa scoil féin agus i measc pobal na háite. Sa bhliain a chuaigh thart, cuireadh i gcrích athnuachan tréimhsiúil bord bainistíochta na scoileanna. Sampla é seo de shaoránacht gníomhach i measc pobal na n-áiteanna seo. Saibhrítear rialachas na mbunscoileanna trí obair dheonach neamhleithleasach na mílte duine, bídís tuismitheoirí, múinteoirí, iontaobhaithe nó ionadaithe pobail. Táim feasach chomh maith go dteastaíonn rochtain ar oiliúint agus ar thacaíocht chuí ó na Boird Bainistíochta féin má tá siad chun tacaíocht a thabhairt do scoileanna. Tá maoiniú curtha ar fáil agam i 2008 d'oiliúint dá leithéid. Tá ionchur saoránaigh á thabhairt ag gach aon bhall boird atá léirithe i gcónaí ag an mbunscoil i saol na hÉireann. Ba cheart go mbeimis go léir an-bhródúil as an dtraidisiún seo agus mar Aire Oideachais agus Eolaíochta is mór agam an t-ionchur seo d'ár scoileanna agus go deimhin don sochaí ar fad. Is é an deontas caipitíochta an príomhbhealach ina maoinítear scoileanna agus, in ainneoin na ndeacrachtaí buiséid atá ann faoi láthair, tháinig méadú de bheagnach 12% ar seo go dtí €200 in aghaidh an dalta ag an mbunleibhéal. Mhéadaigh an deontas caipitíochta ag an iarbhunleibhéal go dtí €345. Tá solúbthacht ag na scoileanna maidir leis an gcaoi ina n-úsáideann siad an maoiniú seo chun freastal ar a gcuid riachtanas ó lá go lá. Ach más féidir, is ceadaithe dóibh an maoiniú a úsáid chun naisc lena bpobail áitiúla a fhorbairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.