Written answers

Wednesday, 29 October 2008

Department of Education and Science

An Luath-Thumoideachas

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 490: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an éireoidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta as a bhfeachtas gníomhaíochta agus beartas in aghaidh an luath-thumoideachais iomláin i nGaelscoileanna an Stáit, agus an dtacóidh an Roinn le leathnú agus le neartú an dea-chleachtais aitheanta náisiúnta agus idirnáisiúnta seo chun an dara teanga a mhúineadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36929/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá raon staidéar ann a aibhsíonn éifeachtacht chur chuige an luath-thumoideachais d'fhoghlaim teanga. Ní soiléir i gcónaí insna staidéir, áfach, céard iad go beacht na múnlái tumtha a bhí i bhfeidhm, ar bhaineadh feidhm as teanga an tumtha go heisiach, céard é an phróifíl shocheacnamaíoch agus an cúlra teanga bhaile a bhí ag na daltaí, ná céard é an comhthéacs náisiúnta a bhí i gceist ná an leibhéal úsáide de theanga an tumtha sa tsochaí. Fágann sé seo gur deacair comparáidí a dhéanamh leis an scéal in Éirinn. Rinneadh athbhreithniú ar an litríocht sa réimse seo thar ceann na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta i 2006 agus b'é an tátal a bhí ansin ná "existing international research is not adequate to decide the reading sequencing issue clearly in the context of Irish immersion, either in a general way or in particular schools." Is é an bhuncheist pholasaí sa chás seo ná seasamh le ceart gach aon pháiste rochtain ar an gcuraclam iomlán a luaithe is féidir. Éilíonn Ciorclán 0044/2007 go gcuirfeadh scoileanna lán-Ghaeilge 3.5 uaire ar a laghad de Bhéarla ar fáil sa tseachtain, nó 2.5 uaire sa tseachtain áit a bhfuil lá níos giorra ann do ranganna na naíonán, ag tosach an dara théarma de na naíonáin sóisearacha ar a dhéanaí. Tá eisiúint an chiorcláin seo ina hábhar Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh faoi láthair. Tá mo Roinnse i mbun phróiseas comhairliúcháin maidir leis na Rialúcháin chun an Curaclam Bunscoile a Fhorordú faoi Alt 30 den Acht Oideachais. Tá an t-aiseolas ó na comhpháirtithe oideachais go léir á hanailísiú faoi láthair agus níl aon chinneadh déanta go fóill faoi na céad chéimeanna eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.