Written answers
Wednesday, 29 October 2008
Department of Education and Science
Coláistí Oiliúna
9:00 pm
Brian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 489: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an mbrostóidh an Roinn chun cinn le forbairt an Ionad Oideachais i mBaile Bhuirne, ó thaobh acmhainní daonna de do COGG ar mhaithe leis an nGaelscolaíocht, agus ar mhaithe le tacaíocht a sholáthar do mhúineadh na Gaeilge i gcoitinne ar fud an chórais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36928/08]
Batt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
D'fhógair mo chomhghleacaí comhaireachta, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus an tAire a chuaigh romham, an Teachta Hanafin, i Márta 2007, go bhfuil sé i gceist go mbeadh tionscnamh tacaíochta agus forbartha don Ghaeilge faoi choimirce na Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, suite i gColáiste Íosagáin agus go sannfaí ceathrar ball foirne breise don Chomairle chun na críche seo. Tá mo Roinn i mbun pléanna leis an Roinn Airgeadais faoi ghrádú na bpost seo. Táthar tar éis coiste comhordaithe déanta suas d'ionadaithe ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge a bhunú chun comhairle a thabhairt ar eilimintí comhoibrithe den obair fhoriomlán atá le cur i gcrích.
No comments