Written answers

Wednesday, 29 October 2008

Department of Education and Science

Scoileanna Gaeilge

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 487: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhféachfaidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chuige go dtógtar pé céim is cuí lena chinntiú nach bhfágfar aon mhórcheantar cathrach gan ghaelscoil, bíodh sé ina cheantar seanbhunaithe nó ina cheantar nuafháis; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36926/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an Rannóg Pleanála Chun Cinn de chuid mo Roinne faoi láthair gafa leis na ceantair a mbeidh cóiríocht bhreise scoile ag teastáil go suntasach iontu ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal a shainaithint. I measc na bhfachtóirí atá á machnamh tá fás sa daonra, treochtaí deimeagrafacha, rolluithe reatha agus réamh mheasta, forbairtí tithíochta a tharla le déanaí agus atá pleanáilte, agus cumas na scoileanna atá ann cheana freastal ar an éileamh ar ionaid. Tar éis do na fachtóirí seo a bheith machnaithe, déanfar cinneadh faoin mbealach is fearr chun freastal ar riachtanais atá ag teacht chun cinn i gceantar. Machnófar an bhfuil gá le Gaelscoileanna breise sa chomhthéacs seo.

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 488: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhféachfaidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chuige go dtógtar pé céim is cuí lena chinntiú nach bhfágtar aon cheantar gaelscoile gan choláiste pobail lán-Ghaeilge, nó a chomh-mhaith de mheánscoil, le freastal air i dtreo go mbeidh teacht ag níos mó tuismitheoirí i gcoitinne ar fud na tíre ar scolaíocht dara leibhéal trí Ghaeilge dá bpaistí, pé acu atá na páistí sin ag teacht ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge nó ó bhunscoileana eile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36927/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoi láthair, tá mé ag machnamh roinnt ar cheisteanna maidir le bunú scoileanna dara leibhéal. Machnófar na nithe atá ardaithe ag an Teachta sa chomhthéacs sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.