Written answers

Wednesday, 29 October 2008

Department of Education and Science

Scoileanna Gaeltachta

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 491: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth nach gcuireann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta na tacaíochtaí cuí oideachais ar fáil le haghaidh scoileanna Gaeltachta, i dtreo gur féidir leo leanúint de bheith ag múineadh trí Ghaeilge, ach go háirithe i gcomhthéacs brú leanúnach an Bhéarla a bheith orthu, agus ag cur san áireamh na buntáistí a bhaineann leis an luath-thumoideachas ó thaobh an teanga a sheachadadh ó ghlúin go glúin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36930/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Soláthraíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta raon leathan de thacaíochtaí a chabhraíonn le cur chun cinn na Gaeilge agus an teagasc trí Ghaeilge sna scoileanna Gaeltachta. Cuireann an curaclam Gaeilge bunscoile cuspóirí foghlama Gaeilge ar leith ar fáil do scoileanna a mhúineann trí Ghaeilge. Ó thaobh cóimheas oide-daltaí de, tá sceideal coinneála maidir le hoidí gnáthshrutha a choinneáil níos fábhraí ag na scoileanna Gaeltachta bunleibhéil ná mar atá ag bunscoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla. Ina theannta sin, cuirtear oide sa bhreis ar an ngnáthsholáthar ar fáil do gach iarbhunscoil aitheanta mar scoil Ghaeltachta. Tá gníomhú leanúnach ar bun chun tacú le h-oiliúint agus le forbairt na n-oidí sna scoileanna Gaeltachta. Cuirtear suas le 10% de na hionaid sna coláistí oideachais ar leataobh d'iarrthóirí bunmhúinteoireachta ón nGaeltacht chun cur leis an soláthar oidí atá inniúil maidir leis an teagasc trí Ghaeilge. Déanann roinnt de na soláthróirí oideachais d'ábhar oidí freastal ar leith ar an teagasc trí Ghaeilge sna cúrsaí léinn a chuireann siad ar fáil. Díríonn na seirbhísí tacaíochta bunleibhéil agus iarbhunleibhéil aird ar riachtanais na n-oidí a oibríonn sna scoileanna Gaeltachta maidir lena bhforbairt ghairmiúil leanúnach. Faigheann oidí a bhíonn ag múineadh i scoileanna le haitheantas Gaeltachta liúntas bliantúil ar leith de €3,068.

Is mór an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas maidir le háiseanna teagaisc a sholáthar chun tacú leis an teagasc trí Ghaeilge. Tá an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta tar éis eolaire cuimsitheach d'áiseanna don Ghaeilge agus don teagasc trí Ghaeilge a fhoilsiú. Chomh maith leis sin, is mór an dul chun cinn atá déanta ó thaobh aistriúcháin leabhar de le cinntiú go bhfuil téacsanna óiriúnacha ar fáil do mhic léinn iarbhunleibhéil atá ag foghlaim trí Ghaeilge. Leanann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta uirthi ag tacú le forbairt Séideán Sí, cúrsa comhtháite Gaeilge atá ar fáil sna príomhchanúintí agus a fhreastalaíonn ar riachtanais teanga na scoileanna Gaeltachta ag an mbunleibhéal. De réir Curaclaim na Bunscoile, is féidir le scoileanna Gaeltachta an luath-thumoideachas sa Ghaeilge a chleachtadh le haghaidh 90% den tréimhse iomlán scoile. Bítear ag súil go múinfear an Béarla go ceann 2.5 uair sa tseachtain sna scoileanna seo. Luíonn an cur chuige seo le seasamh an churaclaim agus le beartas na Roinne Oideachais agus Eolaíochta go múinfear an Béarla agus an Ghaeilge araon do gach dalta ó thús a gcuid bunscolaíochta. Tugann sé seo deis fhiúntach do gach dalta an dá theanga a fhorbairt i dteannta a chéile agus a gcuid bunscileanna labhartha a fhorbairt ionas go mbeidh siad in ann tabhairt faoin léitheoireacht sa dá theanga gan dua. I gcomhthéacs na dtacaíochtaí go léir atá ann cheana, táim sásta tacú go leanúnach leis an teagasc trí Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt sna scoileanna Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.