Written answers
Wednesday, 29 October 2008
Department of Education and Science
Coinníollacha Aitheantais
9:00 pm
Brian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 486: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhféachfaidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chuige go gcloítear leis na coinníollacha aitheantais reatha, leis an status quo, fad atá an t-athbhreithniú dhá bhliain is déanaí ar bhunú scoileanna nua ar siúl, is athbhreithniú atá dírithe ar chosc a chur go sonrach le bunú scoileanna nua lánGhaeilge, fiú agus an réamhobair bhunaidh déanta ag coistí tuismitheoirí i gcomhar le Gaelscoileanna; an bhféachfaidh sé chuige go gcinntítear go mbeidh mar thoradh ar an athbhreithniú go bhfanfaidh an t-íosmhéid daltaí leis an ngaelscolaíocht mar atá, ar líon é atá iomlán inmharthana i gcás na gaelscolaíochta, agus atá riachtanach d'fhorbairt na hearnála sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36925/08]
Batt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, d'fhógair mé le déanaí athbhreithniú ar na gnásanna do bhunú bunscoileanna úra faoin gCoimisiún um Chóiríochta Scoile.
Tá sé i gceist agam Meitheal Oibre Teicniúil a bhunú faoin gCoimisiún chun athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar na critéir agus ar na gnásanna d'aitheantas bunscoileanna úra. Tosóidh an Meitheal Oibre seo ag obair insna seachtainí romhainn agus táthar ag súil go mbeidh an t-athbhreithniú ar na gnásanna d'aitheantas bunscoileanna úra curtha i gcrích, agus socruithe athbhreithnithe ar bun, laistigh de fhráma ama dhá bhliana. Beidh ionadaíocht ag na Comhpháirtithe Oideachais uile le linn an phróiseas athbhreithnithe seo.
San idirlinn níl sé i gceist aitheantas a thabhairt do bhunscoileanna úra ar bith, ach amháin i gceantair nach féidir fónamh iontu ar mhéaduithe i líon na ndaltaí, insna scoileanna mar atá siad, agus ina bhfuil gá le scoileanna úra a sholáthar. Is ionann sin agus a rá nach mbunófar scoileanna úra ar fháthanna nach mbaineann le fás deimeagrafach i gceantair ina bhfuil dóthain cóiríocht scoile cheana féin nó inar féidir fónamh ar mhéaduithe trí chur leis an gcóiríocht scoile atá ann faoi láthair.
No comments