Written answers

Wednesday, 29 October 2008

Department of Education and Science

Coláistí Oiliúna

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 485: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhféachfaidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chuige go múintear ábhar amháin ar a laghad, sa bhreis ar an nGaeilge féin, trí Ghaeilge sna coláistí oiliúna múinteoireachta uile sa Stát, mar chéim i dtreo na múinteoirí a chumasú chun an Ghaeilge a mhúineadh do dhaltaí na tíre, agus chun ábhar eile sa bhreis ar an nGaeilge a theagasc trí mheán na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36924/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá réimse meicníochtaí ar bun ag an leibhéal réamhsheirbhíse chun tacú le hinniúlacht gach ábhar múinteora chun an Ghaeilge a mhúineadh i mbunscoileanna. Éilítear íosmhéid de Ghrád C i nGaeilge Ardleibhéil san Ardteistiméireacht i gcomhair iontrála ar oiliúint bunmhúinteora in Éirinn. Déanann iarratasóirí ar an gCúrsa Dioplóma Iarchéimí san Oideachas scrúdú béil mar chuid den phróiseas roghnaithe i gcomhair iontrála ar an gcúrsa; bíonn céim sa Ghaeilge ag cuid mhór de na hiontrálaithe seo freisin.

Mar chuid eigeantach den chlár réamhsheirbhíse, éilítear ar ghach múinteoir a oileadh in Éirinn cúrsaí a dhéanamh le súil lena n-inniúlacht Gaeilge féin a fheabhsú agus le dul i dtaithí ar na modhanna múinte chun an Ghaeilge a mhúineadh de réir mar a leagtar síos iad sa churaclam bunscoile don Ghaeilge. Bíonn ar gach aon ábhar múinteora chomh maith freastal ar chlár samhraidh sa Ghaeltacht mar chuid dá (h)oiliúint. D'fhonn aitheantas buan a fháil, ní mór do mhúinteoirí a oileadh i dtíortha eile agus a thagann isteach i gcóras oideachais na hÉireann ag an mbunleibhéal dul faoi Scrúdú Cáilíochta sa Ghaeilge agus pas a fháil ann laistigh de thréimhse cúig bliana ó thosaigh siad ag múineadh in Éirinn.

Le blianta beaga anuas, tá roinnt tionscnamh curtha ar bun ag na Coláistí Oideachais maidir le hullmhú ábhar múinteora do mhúineadh na Gaeilge. Eagraíonn cuid de na Coláistí modúil áirithe agus cúrsaí roghnacha faoi mhúineadh trí Ghaeilge. Déanann ceann de na coláistí soláthar do mhúineadh trí Ghaeilge agus iad ag ionchur do mhicléinn faoi mhodheolaíochtaí do mhúineadh an Mhata, na nAmharcealaíona agus Corpoideachais. Ina theannta sin, féadann gach ábhar múinteora a c(h)leachtas múinteoireachta a dhéanamh sa Ghaeltacht nó i scoil lánGhaeilge.

B'fhéidir gur eol don Teachta go bhfuil feidhm reachtúil ag an gComhairle Múinteoireachta i dtaca le hathbhreithniú na gcaighdeán a éilítear i gcomhair iontrála ar ghairm na múinteoireachta, ina measc siúd na caighdeáin eolais, scile agus cleachtais a éilítear do chleachtas na múinteoireachta. Tá a cuid oibre ina leith seo tosaithe ag an gComhairle agus cuirfidh sí amach straitéis d'athbhreithniú túschlár oideachais múinteoirí. Chun na críche seo, thionól an Chomhairle sraith fóram comhairliúcháin do pháirtithe leasmhara san oideachas i mbliana, agus leanfaidh an Chomhairle uirthi ag dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe oideachais, mo Roinn féin ina measc, i gcaitheamh a cuid oibre. Tuigim go mbeidh an inniúlacht sa Ghaeilge ina ceist lárnach don Chomhairle agus í ag obair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.