Written answers

Wednesday, 29 October 2008

Department of Education and Science

Múineadh na Gaeilge

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 484: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth, i ndiaidh na mblianta de thuarascálacha faoi mhúineadh na Gaeilge, agus moltaí maidir le réiteach na faidhbe réamhluaite a fháil ó go leor eagraíochtaí pobail atá ag obair ar son na teanga, nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le múineadh na teanga, ach go bhfuil a mhalairt ag tarlú i mórchuid de na scoileanna sa Stát; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36923/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá tionchar ag meascán d'fhachtóirí ar an dul chun cinn maidir le múineadh agus le foghlaim na Gaeilge, fachtóirí curaclaim, cultúrtha agus sóisialta san áireamh. Toisc tábhacht na Gaeilge d'fhéiniúlacht mhuintir na hÉireann agus na buntáistí oideachais a bhaineann leis an dátheangachas d'ár ndaoine óga, tá raon stráitéisí curtha ar bun ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a chur chun cinn.

Tá gníomhú leanúnach ar bun ag mo Roinnse chun múineadh Gaeilge labhartha a fhortbairt a thuilleadh fós. Cuireann an curaclam bunleibhéil agus na siollabais iarbhunleibhéil don Ghaeilge béim lárnach ar fhorbairt scileanna cumarsáide na bhfoghlaimeoirí. Molann na doiciméid churaclaim ag an mbunleibhéal do mhúinteoirí úsáid rialta a bhaint as an nGaeilge mar ghnáthchaint an lae agus gnéithe eile den churaclam a mhúineadh trí Ghaeilge chun taithí na bhfoghlaimeoirí ar an nGaeilge a leathnú. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar na cláracha Gaeilge iarbhunleibhéil. Tá líon na marcanna a dháiltear don scrúdú cainte sa Teastas Sóisearach agus san Ardteistiméireacht méadaithe go 40% anois d'fhonn scileanna labhartha na mac léinn a chur chun cinn.

Tá céimeanna ar bun freisin le cinntiú go bhfuil ár múinteoirí inniúil i dteagasc na Gaeilge. Bíonn ar gach iarrthóir a théann leis an mbunmhúinteoireacht riachtanais ar leith iontrála ó thaobh na Gaeilge de a shásamh. Cuireann na soláthróirí oideachais d'ábhar oidí ionchur nach beag ar fáil sa Ghaeilge agus i dteagasc na Gaeilge dá mic léinn. Déanann na seirbhísí tacaíochta bunleibhéil agus iarbhunleibhéil freastal ar riachtanais oidí ó thaobh teagaisc na Gaeilge de. Tá an scéim Tús Maith ar bun le bliain anuas chun cabhrú le hoidí bunleibhéil forbairt a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge labhartha féin agus ar a gcumas chun an Ghaeilge a mhúineadh. Tá rogha leathan áiseanna do theagasc na Gaeilge ar fáil do scoileanna anois, mar is léir ón eolaire cuimsitheach d'áiseanna a d'fhoilsigh an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Tá ábhar dóchais ann maidir le dul chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais. Leanann foghlaimeoirí sna Gaelscoileanna orthu ag baint ardchaighdeán amach sa Ghaeilge. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na nGaelscoileanna le tríocha bliain anuas agus is tairbheach a dtionchar ar dhearcadh foghlaimeoirí i leith na teanga agus ar a húsáid go cumarsáideach. Chomh maith leis sin, tá an Ghaeilge ina ábhar riachtanach don Ardteistiméireacht, seachas dóibh siúd a bhfuil díolúine faighte acu, agus níl aon laghdú suntasach ar thorthaí na scoláirí sa scrudú Gaeilge Ardteistiméireachta le blianta beaga anuas.

Tá sé mar aidhm agam tacú le cur chun cinn na Gaeilge inár scoileanna go léir ionas go mbeidh toradh fiúntach ar an dua a chaitear le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.